Uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deoir uisce ag titim
Uisce

Is é atá in uisceleacht leamh, agus níl boladh nó blas air. Clúdaíonn uisce 70% de dhromchla an domhain[1]. Tá aibhneacha, lochanna agus farraigeacha déanta as uisce. Tuaslagann sé beagnach gach ábhar a bheag nó a mhór, ach arnháin ábhair i bhfoinn mhóilíneach (mar shampla, O2, CH4). Riachtanach don bheatha, agus i láthair i ngach orgánach beo.

Ceimic[athraigh | edit source]

Is é atá i móilín uisce ná dhá adamh hidrigin agus aon adamh ocsaigin. H2O is foirmle cheimiceach dó . Is í an chomhdhúil mhóilíneach is coitianta ar Domhan.

aigéadalcaileach é, agus tá pH 7 aige. Tá fiuchphointe 100 °C agus reophointe 0 °C aige. Mar sin, is leacht é a reonn ina oighear ag O°C, agus a fhiuchann chuig gás/galuisce ag 100°C. Má bhruithtear é, déantar gal as, agus má reotar é, déantar oighear as.

Nasctha le chéile le naisc hidrigine mar leacht, agus oibríonn uisce i gcomheagar le hiain thuaslagtha ann. Neamhchoitianta go leor, tá an solad níos éadroime ná an leacht.

Nuair a bhíonn tiúchan ard ian cailciam is maignéisiam ann, deirtear gur uisce crua é. Bogtar é trí na hiain seo a athshuíomh le sóidiam is potaisiam nach ndéanann táirgí dothuaslagtha le gallúnach.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Fréamh an Eolais, Matt Hussey, Coiscéim, p690