Oileán Mhanann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ellan Vannin (Gaeilge Mhanann)
Isle of Man (Béarla)
Bratach Mhanann Armas Mhanann
Bratach Armas
Mana: Quocunque jeceris stabit
(Laidin: Aon áit a chaithfead é, seasfaidh é ann)
Amhrán náisiúnta: "O Land of Our Birth"
(Gaeilge Mhanann: "Arrane Ashoonagh dy Vannin")
Suíomh Mhanann
Príomhchathair Dúglas
54°9′ Thuaidh 4°29′ Thiar
An chathair is mó Dúglas
Teangacha oifigiúla Béarla, Gaeilge Mhanann
Rialtas
Eilís II
Adam Wood
Allan Bell
Spleáchríoch corónach
1765
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
572 km² (-)
0%
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
84,497 (201ú)
-
131.2/km² (75ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2003
$2.113 billiún (182ú)
$35,000 (12ú)
Airgeadra Punt Manannach1 (GBP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
GMT (UTC+0)
BST (UTC+1)
Fearann Idirlín .im
Glaochód +442
(1) Ar chothrom leis an bpunt steirlinn
(2) Cód cheantair RA 1624

Is spleáchríoch de Choróin na Ríochta Aontaithe í Ellan Vannin (ɛlʲən vanɪn) - Manainn na Gaeilge (nó Oileán Mhanann). I Muir Éireann atá sí suite agus í comhchóngarach d'Éirinn, d'Albain, do Shasana agus don Bhreatain Bheag. Deirtear gur ó Mhanannán Mac Lir, dia farraige na sean-Ghael, a thagann an t-ainm. Tá an oileán ina oidhre ar dhúchas Gaelach, agus dá chomhartha sin bhí Gaeilge Mhanann á labhairt mar theanga mhionphobail go dtí tús an 20ú haois, cé gurbh fhada Manainn faoi anáil na Lochlannach agus na Sasanach.

Teanga[athraigh | edit source]

Is é an Béarla gnáththeanga an oileáin, cé go bhfuil Manainnis á foghlaim agus á húsáid fós d'ainneoin bhás na gcainteoirí dúchais deiridh (cailleadh an duine deireanach sa bhliain 1976). Cleachtann bunscoil amháin agus a lán naíscoileanna an teanga tríd an tumoideachas, agus tá Manainnis á múineadh mar theanga bhreise i scoileanna eile an oileáin. Tá comharthaí Manainnise le feiceáil ar bhóithre, ar thithe agus ar fheithiclí.

Stádas[athraigh | edit source]

Pictiúir saitilíte Oileán Mhanann

Pobal Gael-Lochlannach a bhí i Manainn ón mbliain 850 AD nó thart air sin, rud a d'fhág a lán logainmneacha agus an Tinbheal (Tynwald) féin mar oidhreacht. Bhí Manainn á rialú ag ríthe Shasana agus na hAlban gach re seach agus tháinig faoi smacht feodach Choróin Shasana; fuair an Choróin tiarnas an oileáin sa bhliain 1765, ach lean an t-oileán air á rialú féin.

Cuireann Manainn stampaí agus nótaí dá cuid féin amach mar chomhartha ar í a bheith ina spleáchríoch chorónach agus gan baint bhunreachtúil aici leis an Ríocht Aontaithe. Ní ball ná ball comhaltais de chuid an Aontais Eorpaigh í ach oiread.

Sa bhliain 979 a bunaíodh an Tinbheal. Bunaíodh oireachtais na hÍoslainne agus Oileáin Faró roimhe sin ach bhí siad ar ceal ar feadh tamaill sa 19ú haois. Bíonn tionól ann Mí Iúil agus tagtar tuairisc achomair ar na dlíthe a ritheadh an bhliain roimhe sin. Tá dhá theach sa Thinbheal, an Kiare as Feed (Teach na nEochracha, agus ceithre chomhalta thofa is fiche ann) agus an Chomhairle Reachtais (naonúr neamhthofa). Tá Comhairle Airí ann agus Céad Aire i gceannas uirthi.

Is é Monarc Shasana, faoin teideal "Tiarna Mhanann", an ceann stáit. Is minic rialtas Londan, mar sin, ag déanamh "Orduithe sa Chomhairle" i dtaobh ghnóthaí an oileáin. Anois is arís athraítear an dlí de réir dhlí Shasana nó, níos minice, de réir rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá saol polaitiúil an oileáin eagraithe de réir páirtithe. Tá Páirtí Lucht Oibre Mhanann nasctha le Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain. Tá Mec Vannin ('Mic Mhanann') ag éileamh neamhspleáchas iomlán don oileán, agus bhíodh páirtí Cumannach agus páirtí náisiúnach ann tráth.

Feidhmíonn foghobharnóir ar son na Corónach, agus is í an Ríocht Aontaithe a phléann le gnóthaí eachtracha, cosanta agus dea-réire. Maidir leis an Aontas Eorpach, tá aontú teoranta ann i dtaobh imeacht na n-earraí.

Saoránacht[athraigh | edit source]

Tá saoránacht i Manainn de réir dhlí na Ríochta Aontaithe. Eisítear pasanna a deir "British Islands - Isle of Man", agus "British Citizen" mar stádas náisiúntachta. Ach níl na cearta céanna ag Manannaigh is atá ag saoránaigh Bhriotanacha eile i ngeall ar fhostaíocht agus ar bhun a dhéanamh san Aontas Eorpach, murar rugadh seanathair nó seanmháthair leo sa RA nó mura raibh siad féin ina gcónaí ann ar feadh cúig bliana as a chéile. Is féidir le saoránach Briotanach ar bith pas Manannach a fháil ach é a bheith ina chónaí i Manainn nó baint a bheith aige le Manainn.

Daonra[athraigh | edit source]

De réir dhaonáireamh sealadach na bliana 2006 tá 80,058 duine ina gcónaí i Manainn, agus 26,218 díobh le fáil i nDúglas, príomhbhaile an oileáin. Rugadh 47.6% den daonra i Manainn, 37.2% i Sasana, 3.4% in Albain, 2.1% i dTuaisceart Éireann, 2.1% i bPoblacht na hÉireann, 1.2% sa Bhreatain Bheag agus 0.3% in Oileáin Mhuir nIocht. [1]

Rinneadh an chéad lándaonáireamh sa bhliain 1821, agus tá siad á ndéanamh gach deichiú bliain ó shin: rinneadh an ceann deireanach sa bhliain 2001. Tá daonáirimh shealadacha á ndéanamh ón mbliain 1966 i leith.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá cnoic thuaidh agus theas, agus gleann eatarthu. Tá an chuid is faide ó thuaidh den oileán an-chothrom ar fad, agus fosuithe fágtha ag oighearshruthanna ó iarthar na hAlban ann. Tá tránna faoi dhuirling ann a rinneadh níos déanaí. Is é Sniaull (Snaefell) an sliabh is airde.

Tá roinnt oileán in aice le Manainn, agus roinnt daoine ina gcónaí ar cheann acu, yn Cholloo.

An Caolas (yn Cheyllys), Manainn

Caitheamh aimsire[athraigh | edit source]

Tá tarraingt mhór turasóirí ar Mhanainn, daoine as Éirinn, as Albain, as Sasana agus as an mBreatain Bheag ag fanacht ar feadh cupla lá ar a laghad, agus an t-oileán chomh cóngarach sin dá dtír féin, gan trácht ar na tránna breátha.

Meallann an "Isle of Man TT" na sluaite gach bliain agus na rásaí ag tabhairt chuairt an oileáin.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Is mór an gar do Mhanainn i gcúrsaí baincéireachta í a bheith scartha amach ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas Eorpach, agus baintear tairbhe as. Baintear brabach as an turasóireacht freisin. Cé gur mór é an costas maireachtála tá na tuarastail cuíosach íseal le hais na dtíortha máguaird. Tá tábhacht éigin leis an déantúsaíocht agus treise á cur anois ar an ardteicneolaíocht. Bhí tábhacht le talmhaíocht agus le hiascaireacht tráth, cé nach bhfuil iontu anois ach cuid an-bheag de gheilleagar an oileáin.

Stair[athraigh | edit source]

Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag úsáid dídean nádúrtha, ag seilg, ag iascaireacht agus ag cnuasach, agus uirlisí beaga breochloiche nó cnáimhe acu. Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach; tógadh leachtanna móra, dála Chaisteal an Ard (Cashtal yn Ard), agus bhí a lán cultúr áitiúil ann.

Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha.

San Iarannaois tógadh dúnta móra ar bharr na gcnoc agus dúnta níos lú os cionn na n-aillte, agus taispeánann na hinscríbhinní oghaim go raibh Éireannaigh ina gcónaí ar an oileán faoi 700 nó thart air. Iadsan a thug leo teanga arb í an Mhanainnis anois í, agus gaol aici le Gaeilge agus le Gàidhlig.

I ndeireadh an 8ú haois tháinig na Lochlannaigh; bhunaigh siad an Tinbheal, rinne a roinnt féin ar an talamh agus d'fhág rúnscríbhinní ina ndiaidh. Bhí Manainn ar na Súðreyjar (oileáin theas) i gcomórtas leis na Norðreyjar (oileáin thuaidh) - Inse Orc, Sealtainn agus Inse Gall.

Tháinig Manainn faoi smacht na hAlban agus Shasana sna meánaoiseanna. Sa bhliain 1866 tugadh breis cumhachta don Tinbheal, chuaigh an daonlathas i neart agus tháinig rath ar an oileán. Bhí campaí coinneála ann sa dá Chogadh Domhanda le haghaidh daoine a bhain leis an namhaid ar shlí éigin.

Tagairtí[athraigh | edit source]