An Rúis
|
|||||
Mana: -- | |||||
Amhrán náisiúnta: Amhrán Náisiúnta na Rúise | |||||
Príomhchathair | Moscó 55°45′ Thuaidh 37°37′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Moscó | ||||
Teangacha oifigiúla | Rúisis | ||||
Rialtas | Cónaidhm leath-uachtaránach Vladímír Pútín Dmitry Medvedev |
||||
Neamhspleáchas Fógraíodh Críochnaithe |
Ón Aontas Sóivéadach 12 Meitheamh, 1990 26 Nollaig, 1991 |
||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
17,075,200 km² (1ú) 0.5% |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2000 • Dlús |
142,800,000 (8ú) N/A 8/km² (178ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2009 $2.225 triliún (7ú) $16,793 (41ú) |
||||
Airgeadra | Ruble (RUB ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET3 (UTC+2 to +12) CEST (UTC+3 to +13) |
||||
Fearann Idirlín | .рф, .ru, .su | ||||
Glaochód | +7 |
||||
Is tír leathEorpach, leathÁiseach í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is é Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisís an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.
Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí.
Clár ábhair
Stair[athraigh | edit source]
- Príomhalt: Stair na Rúise
Déimeagrafaic[athraigh | edit source]
Teangacha[athraigh | edit source]
Labhraítear 100 teanga difriúla. Is í Rúisis an t-aon teanga oifigiúl ach tá 27 teanga mhionlach atá aitheanta. De réir an daonáirimh sa bhliain 2002, bhí 142.6 milliún duine ábalta Rúisis a labhairt de na 143.8 milliún duine ar fad sa Rúis (99.1%). Is í Tatairis an dara teanga is mó le 5.5 milliún cainteoirí. Is í Úcráinis an tríú teanga is mó agus 1.8 milliún cainteoirí ann. Is í Rúisis ceann des na sé theanga oifigiúla de chuid na Náisiún Aontaithe.
Oideachas[athraigh | edit source]
Tá córas oideachais saor i gcóir gach duine mar chuid den bhunreacht. Ó 1990 tá córas 11 bhliain i réim. Sa bhliain 2004 chaith rialtas na Rúise 3.6% de GDP na tíre ar an oideachas.
Reilgiún[athraigh | edit source]
Níl aon daonáireamh oifigiúl i gcóir reilgiún ach tá na figúirí seo bunaithe ar suirbhéanna. I Lúnasa ceap ARENA gur Críostaithe iad (Cathlicigh, Cheartchreideamhaigh, Protastúnaigh) iad 46.% den daonáireamh. Ceapann Levada go bhfuil 76% den daonra sa Rúis ina gCríostaithe. De réir POF tá 65% ina Chríostaithe agus de réir PRC 73.6%.
Bhí timpeall 95% do paróiste Cheart Chreideamh le Ceart Chreideamh na Rúise.
Is iad Cheart Chreideamh, Ioslam, Giúdachas agus Búdachas na reilgiúin tradisiúnta.
Is é Ioslam an dara reilgiún is mó sa Rúis. Go léir tá 9,400,000 Moslamach sa Rúis (6.5%) i 2012 (níl an figúir seo ró cruinn mar ní chlúdaoinn sé na Stáit Mhoslamacha tradisiúnta, .i. Chechnya agus Ingushetia. Seo na stáit (a bhí clúdaithe sa suirbhé) le níos mó ná 10% Moslamach Kabardino-Balkaria (49%), Bashkortostan (38%), KarachayCherkessia (34%), Tatarstan (31%), Yamalia (13%), Orenburg Oblast (11%), Adygea (11%) agus Astrakhan Oblast (11%). Tá daonra Moslamach idir 1-2% sa chuid is mó do na stáit sa Sibéir.
Caidreamh iasachta[athraigh | edit source]
I 2009 bhí caidreamh ag an Rúis le 191 tíort agus bhí ambasáidí i 144 tíor.
Tagairtí[athraigh | edit source]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |