Andóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Principat d'Andorra
Bratach Andóra Armas Andóra
Bratach Armas
Mana: Virtus Unita Fortior
(Laidin: "Is í an tsuáilce aontaithe is cumhachtaí", is é sin, "Ní neart go cur le chéile")
Amhrán náisiúnta: El Gran Carlemany, Mon Pare
Suíomh Andóra
Príomhchathair Andorra la Vella
42°30′ Thuaidh 1°31′ Thoir
An chathair is mó Andorra la Vella
Teangacha oifigiúla Catalóinis
Rialtas
François Hollande
Joan Enric Vives Sicília
Antoni Martí Petit
Neamhspleáchas
Paréage

1278
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
468 km² (178ú)
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
85,082 (199ú)
78,115
179.8/km² (71ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2003
$1.9 billiún (183ú)
$26,800 (-)
Airgeadra Euro () (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .ad
Glaochód +376

Is prionsacht bheag thalamhiata í an Phrionsacht Andóra (Catalóinis: Principat d'Andorra, Fraincis: Principauté d'Andorre) atá suite in iardheisceart na hEorpa, in oirthear na bPiréiní idir an Fhrainc agus an Spáinn. Andorra la Vella an príomhchathair (daonra: 70,787 i 2001).

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tír thalamhiata is ea Andóra. Is í Valira an phriomhabhainn. Tá Andóra deighilte ina seacht bparóiste.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Faigheann Andóra thart ar 80% den olltáirgeacht intíre ón turasóireacht - tugann thart ar 9,000,000 duine cuairt ar Andóra in aghaidh na bliana. Is tearmann cánach í agus tá seirbhísí baincéireachta tábhachtach freisin le hioncam a thabhairt do mhuintir na tíre. Ní ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh é. Níl aon táille cánach ar earraí déantúsaíochta ach gearrtar cáin ar earraí talmhaíochta.

Daonra[athraigh | edit source]

Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra agus teanga dhúchais na nAndórach. Is iad an Fhrainc agus an Spáinn a sholáthraíonn an t-oideachas sa tír de réir a gcuraclaim féin, agus mar sin, bíonn Fraincis agus Spáinnis á labhairt go sármhaith ag na hAndóraigh.

Teangacha[athraigh | edit source]

  Máthairtheanga
Catalóinis 38.8%
Spáinnis 35.4%
Portaingéilis 15%
Fraincís 5.4%
Teanga eile 5.5%
Foinse: Observatori de l'Institut d'Estudis Andorrans

Tagairtí[athraigh | edit source]

Observatori de l'Institut d'Estudis Andorrans