An tSualainn
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: The usual problems with correct article usage Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
|
|||||
Mana: -- | |||||
Amhrán náisiúnta: Du gamla, Du fria | |||||
Príomhchathair | Stócólm 59°21′ Thuaidh 18°4′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Stócólm | ||||
Teangacha oifigiúla | Sualainnis (de iure) | ||||
Rialtas | Monarcacht bhunreachtúil Carl XVI Gustaf Stefan Löfven |
||||
Aontas |
10ú haois - 13ú haois | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
438,575 km² (54ú) 8.67% |
||||
Daonra • Meas. ó 2013 • Daonáireamh 2002 • Dlús |
9,644,864 (84ú) 8,940,788 22/km² (155ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $267 billiún (34ú) $29,544 (19ú) |
||||
Airgeadra | Krona (SEK ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET3 (UTC+1) CEST (UTC+2) |
||||
Fearann Idirlín | .se | ||||
Glaochód | +46 |
||||
Is tír í an tSualainn (Sualainnis: Sverige), go hoifigiúil Ríocht na Sualainne (Sualainnis: Konungariket Sverige), sa Chríoch Lochlann i dtuaisceart na hEorpa agus san Aontas Eorpach. Is monarcacht bhunreachtúil í agus Carl XVI Gustaf is ainm dá rí láithreach. Tá sí ag críochantacht leis an Iorua ar an taobh thiar thuaidh dí agus leis an bhFionlainn ar an taobh thoir dí. Tá líne an chósta an-fhada aici freisin leis an Muir Bhailt.
Is í Stócólm an phríomhchathair. Is cathracha tábhachtacha eile iad Göteborg, Malmö, Uppsala, Linköping, Västerås agus Örebro.
Stair[athraigh | edit source]
Aontaíodh an tSualainn mar aon ríocht ámhain sa dara céad déag. Sa 14ú céad a mhéadaigh an chumhacht ríoga agus sa bhliain 1397 aontaíodh tuaisceart na hEorpa go léir san Aontas Kalmar faoi bhanríon na Danmhairge, Margareta. Ghabh Gustav Eriksson Vasa an smacht sa tSualainn 1523 tar éis cogaidh chathartha. Fuair an tSualainn cumhacht mhór tar éis buanna móra ar pháirceanna an áir sa 16ú céad ach ní raibh acmhainn go leor aici sa chéad dar gcionn chun a críocha a choinneáil agus chaill sí an Fhionlainn don Rúis sa bhliain 1809. Tháinig an Réabhlóid Thionsclaíoch measartha mall chuig an tSualainn ach ba thábhachtach ar son na forbartha í foirgníocht na iarnródanna sa dara leathchéad. Ba thabháchtach ar an ardán idirnáisiúnta iad comhlachtaí leictreonaice agus ceimice mar L.M.Ericsson agus Nitroglycerin-Aktiebolaget (Comhlacht Nítriglicrín). Bhí an tSualainn neodrach sa Chéad Chogadh Domhanda. Fuair na Sualannaigh go léir ceart vótala sa bhliain 1921 agus fuair an Páirtí Sóisialta Daonlathach an chumhacht faoi Hjalmar Branting. Bhí dóchas ag na tíortha i dtuairsceart na hEorpa a neodracht a choinneáil sa Dara Cogadh Domhanda ach chaill siad an dóchas seo nuair a d'ionsaigh Aontas na Sóivéadach an Fhionlainn agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an Iorua agus an Danmhairg. D'éirigh leis an Sualainn gan bheith forghabhtha trí mhéan polaitíochta pragmataí. Tar éis dheireadh an chogaidh, fuair rialtas Sóisialta Daonlathach an chumhacht agus i rith na 1950í agus na 1960í athraíodh polaitíocht an mhargaidh saothair agus beartas sóisialach leasaithe. Thug an tsail bharra eacnamaíoch caighdéan maireachtála níb fhearr do chuid mhór den bhunadh i rith na mblianta sin. Tugadh an tSualainn isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 1995.
Déimeagrafaic[athraigh | edit source]
Tá ionchas saoil an ard aici. Teampeall is 12 Lúnasa 2004, chuaigh an daonra na tSualainne thar 9,000,000 den chéad uair dar le Stair na Sualainne. Tá 17,000 Sáimach dúchasach ina gconái sa Sualainn. Tár éis an Chéad Chogaidh Domhanda bhí imirce nórmálta ach tar éis an dara Chogaidh Domhanda go dtí inniu tá inimirce níos nórmálta. Faoi láthair, rugadh nach mór 12% de cónaitheoirí thar lear.
Tagairtí[athraigh | edit source]
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • Poblacht na Macadóine • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |