Tristan da Cunha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh Thristan da Cunha

Is oileán beag san Atlantach Theas é Tristan da Cunha agus roinnt oileán beag neamháitrithe eile ina chóngar. Cuid den chríoch thar lear úd de chuid na Ríochta Aontaithe San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha é. Cónaíonn gobharnóir na críche i Jamestown, i San Héilin. Bhí 264 duine ina gcónaí ar an oileán sa bhliain 2010.

Edinburgh of the Seven Seas, príomhbhaile Thristan da Cunha

Tá Tristan da Cunha suite 2,816 ciliméadar amach ó chósta na hAfraice Theas agus 3,360 cilméadar ó chósta Mheiriceá Theas. Tá 98 ciliméadar cearnach d'achar san oileán Tristan da Cunha féin. Tá 207 ciliméadar cearnach ar fad ann agus na hoileáin bheaga curtha san áireamh. Orthu siúd tá Inaccessible Island agus na hOileáin Nightingale, 35km taobh thiar theas ó Tristan, agus Gough Island, 395km taobh theas-thoir theas uaidh. Anaclanna dúlra iad Inaccessible agus Gough. Bíonn seisear ag cur fúthu ar Gough mar fhoireann an stáisiún aimsire atá ag an Afraic Theas ansin.

Tá Edinburgh of the Seven Seas, an t-aon bhaile ar Tristan, suite ar an gcósta thiar thuaidh ar an t-aon talamh réasúnta mín ar an oileán. Is é Queen Mary's Peak, binn bholcánach, an pointe is airde (2,062 méadar). Bíonn sneachta ar an mbinn sa gheimhreadh, ach ní chuireann sé sioc ar an oileán faoi bhun 500 méadar. Deirtear gurb é an áit is iargúlta ar Domhan é a bhfuil daoine ina gcónaí ann.