An Ríocht Aontaithe
|
|||||
Mana: Ríoga: Dieu et mon droit (Gaeilge: Dia agus mo cheart) |
|||||
Amhrán náisiúnta: God Save the Queen (neamhoifigiúil) |
|||||
Príomhchathair | Londain 51°30′ Thuaidh 0°7′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Londain | ||||
Teangacha oifigiúla | Béarla (de facto / i ngníomh)1 Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban, An Bhreatnais, Albainis, Albainis Uladh, agus An Choirnis. | ||||
Rialtas | Monarcacht Bhunreachtúil (Daonlathas Parlaiminteach) Banrion Eilís II David Cameron |
||||
Comhaontú |
18002 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
244,820 km² (79ú) 1.34 |
||||
Daonra • Meas. ó 2011 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
62,435,709 (22ú) 58,789,194 243/km² (48ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2006 $2.006 trilliún (6ú) $35,051 (11ú) |
||||
Airgeadra | Punt Steirlinn (GBP ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
GMT (UTC+0) BST (UTC+1) |
||||
Fearann Idirlín | .uk (GB de réir ISO 3166-1) | ||||
Glaochód | +44 |
||||
1Tá stádas oifigiúil reigiúnda ag an Bhreatnais, ag an Ghaeilge, ag Gaeilge na hAlban, ag an Choirnis agus ag an Albainis chomh maith leis sin. 2Thosaigh sí mar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann. Athraíodh an t-ainm go Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i 1927. |
Is í Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,[1] ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta (Béarla: United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland nó United Kingdom nó UK), í stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát ceannasach eile nuair nach nglactar na Spleáchais (Giobráltar agus Akrotiri agus Dhekelia) san áireamh. Tá teorainn idir Giobráltar agus an Spáinn, chomh maith leis sin tá teorainn ag Akrotiri agus Dhekelia le Poblacht na Cipire agus ag Dhekelia le Poblacht Thuaisceart na Cipire (atá faoi cheannas Turcaigh an oileáin ach nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige), agus an Crios Maolánach de chuid na NA a scarann an dá thír ar an oileán. Seachas an teorainn talún seo, bíonn an tAigéan Atlantach thart timpeall na tíre ar fad siar agus ó thuaidh, bíonn an Mhuir Thuaidh ina luí soir, an Mhuir nIocht ó dheas agus Muir Éireann siar.
Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana. [2] Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu[3][4] bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Cardiff faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Coróine: Geansaí, Geirsí agus Manainn.[5] Tá 14 Chríoch Thar Lear.[6] Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.
Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an seachtú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an t-ochtú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í [7] agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois.[8] Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta.[9][10] Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata. [11]
Tá tuairim is 60 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 50 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann.
Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair na Londain.
Tagairtí[athraigh | edit source]
- ↑ Sa Ríocht Aontaithe agus sna Spleáchais, aithnítear teangacha eile go dleathach mar theangacha dúchasacha régiúnacha faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. In achan cheann acu seo is é ainm na tíre:
- Coirnis: Rywvaneth Unys Breten Veur ha Kledhbarth Iwerdhon;
- Gaeilge: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;
- Albainis: Unitit Kinrick o Great Breetain an Northren Irland;
- Ulster-Scots: Claught Kängrick o Docht Brätain an Norlin Airlann
nó Unitet Kängdom o Great Brittain an Norlin Airlann;
- Ulster-Scots: Claught Kängrick o Docht Brätain an Norlin Airlann
- Gaeilge na hAlban: Rìoghachd Aonaichte na Breatainne Mòire is Èireann a Tuath;
- Breatnais: Teyrnas Unedig Prydain Fawr a Gogledd Iwerddon
- ↑ "Tíortha lastigh de thír".
- ↑ "Titim i líon na mac léinn sa RA". BBC News.
- ↑ "Foramhairc Tíortha: An Ríocht Aonraithe".
- ↑ "Bunfhíricí na Ríochta Aontaithe". “The full title of this country is 'the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland'. 'The UK' is made up of England, Scotland, Wales, and Northern Ireland. 'Britain' is used informally, usually meaning the United Kingdom. 'Great Britain' is made up of England, Scotland and Wales. The Channel Islands and the Isle of Man are not part of the UK.”
- ↑ "Ag Obair le Spleáchais Thar Lear".
- ↑ Mathias, P. (2001). "{{{title}}}". Londain: Routledge.
- ↑ Ferguson, Niall (2004). "{{{title}}}". New York: Basic Books.
- ↑ "Tá deis ag Cameron an RA a thabhairt chun bearr a fheabhais in athuair". The Australian.
- ↑ "Is í an RA an náisiún is cumhachtaí ar domhan". The Independent.
- ↑ "Na 15 Thír is mó Caithimh i 2011". Military Expenditures.
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • Poblacht na Macadóine • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |
Comhlathas na Náisiún | ||
---|---|---|
Antigua agus Barbúda • An Astráil
• Na Bahámaí • An Bhanglaidéis • Barbadós • An Bheilís • An Bhotsuáin • Brúiné • Camarún• Ceanada • An Chipir • Doiminice • Fidsí • Gána • Grenada • an Ghuáin • India • Iamáice • An Chéinia • Cireabaití • Leosóta • An Mhaláiv • An Mhalaeisia • Oileáin Mhaildíve • Málta • Oileán Mhuirís • Mósaimbíc • An Namaib • Nárú • Nua-Shéalainn • An Nigéir • An Phacastáin • Nua-Ghuine Phapua • Ruanda • San Críostóir-Nimheas • San Lucia • San Uinseann agus na Greanáidíní • Samó • Na Séiséil • Siarra Leon • Singeapór • Oileáin Sholamón • An Afraic Theas • Srí Lanca • An tSuasalainn • An Tansáin • Tonga • Oileán na Tríonóide agus Tobága • Tuvalu • Uganda • Vanuatú • An tSaimbia |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |