Vicipéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suaitheantas don Vicipéid

Ciclipéid Ghréasán-bhunaithe, ilteangach is ea an Vicipéid (i.e. Wikipedia agus na tionscnaimh ata ag gabháil leis) agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne.[1] Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc. Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 35,828 alt ann.

Stair[athraigh | edit source]

Comhfhocal a tháinig ón bhfocal Havaíoch wiki ("scioptha") agus ón bhfocal Béarla encyclopedia) is ea Wikipedia, agus tháinig sé ar an bhfód sa bhliain 2000[2] mar chomhthogra den chiclipéid phroifisiúnta Nupedia. Tá an togra ar fad faoi stiúir an Wikimedia Foundation, eagraíocht a oibríonn gan bhrabach agus atá i dtaobh le síntiúis.

Leathnaigh clú agus cáil na Vicipéide mar thionscamh domhanda go sciobtha. Tá roinnt tograí eile (Wikibooks, Vicífhoclóir, srl.) ag siúl leis an Vicipéid agus iad ag dul chun cinn in éineacht leis an Vicipéid féin.

Eagraíocht[athraigh | edit source]

Ag cur an Vicipéid in eagar – leathanach roimh agus ina dhiaidh a chuid eagraíocht.

Moltar go láidir d'eagarthóirí cloí le dearcadh neodrach sa tslí is go ndéantar achoimriú neamhchlaonta de thuairimí éagsúla ar an ábhar.

Daoine ag obair ar an leagan Waray den Vicipéid ag editathon in Calbayog, sna Filipínigh, Samhain 2014

Conspóid[athraigh | edit source]

Is minic a luaitear an Vicipéid sna meáin agus sa saol acadúil. Mar sin féin, bíonn conspóidí ar siúl faoin Vicipéid mar shaothar tagartha.. Tá moladh agus cáineadh faighte aici maidir leis an tslí a ndáiltear agus a n-eagraítear í, leis an méid topaicí atá aici agus lena cuid ilteangachais. Tá sí an-oscailte agus is féidir loitiméireacht a dhéanamh uirthi, gan trácht ar í a dhul i mbaol an mhíchruinnis agus na neamh-chomhsheasmhachta, cé go mbíonn na riarthóirí san airdeall ar a leithéidí.

Locht mór eile a chuirtear ina leith is ea an easpa ban atá uirthi mar riarthóirí agus mar scríbhneoirí. Fágann sé seo a rian ar an gcaoi a gcaitear le mná mar ábhar eolais. Is beag aird a thugtar orthu, mar shampla, i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Tá sé áitithe mura bhfuil beathaisnéis fhónta mná ar an Vicipéid go síltear nach cuid suntais í, rud is cúis le himeallú féinchothaithe. Tá an Wikipedia Foundation buartha faoi seo agus tá tréaniarracht á déanamh ar mhná a mhealladh isteach, cé gur beag rath atá ar an obair go dtí seo.[3]

D'ainneoin na lochtanna úd, tugann solúbthacht agus oscailteacht féin na Vicipéide deis do scríbhneoirí an tionscamh a fheabhsú mar fhoinse thagartha.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Kaplan Andreas, Haenlein Michael (2014) Collaborative projects (social media application): About Wikipedia, the free encyclopedia. Business Horizons, Volume 57, Issue 5, lgh 617-626
  2. http://www.beo.ie/alt-wikipedia-tionscadal-an-fhiuntach-ar-fad.aspx
  3. Jenny Kleeman, 'Wikipedia has lots of weaknesses, the worst of which is lack of women editors,' AFRWeekend, 26 Bealtaine 2015: http://www.afr.com/technology/social-media/wikipedia-has-lots-of-weaknesses-the-worst-of-which-is-lack-of-women-editors-20150609-ghjudy

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]