An Chóiré Theas
|
|||||
Mana: 널리 인간세계를 이롭게 하라 (홍익인간) Cuidigh leis an gcine daonna go flúirseach fairsing |
|||||
Amhrán náisiúnta: Aegukga | |||||
Príomhchathair | Seoul 37°35′ Theas 127°0′ Thoir |
||||
An chathair is mó | Seoul | ||||
Teangacha oifigiúla | Cóiréis | ||||
Rialtas | Poblacht Park Geun-hye Jung Hong-won |
||||
Neamhspleáchas An Chéad Phoblacht |
15 Lúnasa, 1948 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
99,646 km² (108ú) 0.3 |
||||
Daonra • Meas. ó 2010 • Daonáireamh 2010 • Dlús |
48,875,000 (24ú) 48,219,000 491/km² (21ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $994.4 billiún (14ú) $20,590 (35ú) |
||||
Airgeadra | Won na Cóiré Theas (KRW ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
Am Caighdeánach na Cóiré (UTC) (UTC+9) |
||||
Fearann Idirlín | .kr | ||||
Glaochód | +82 |
||||
Is tír in oirthear na hÁise í an Chóiré Theas. An t-ainm oifigiúil atá uirthi ná Poblacht na Cóiré. Tá an leath theas de Leithinis na Cóiré cumhdaithe aici, agus í ag críochantacht leis an gCóiré Thuaidh. Aon tír amháin, mar atá, an Chóiré a bhí iontu go dtí an bhliain 1945. Trasna ón Muir Bhuí atá an tSín suite, agus an tSeapáin trasna ó Chaolas na Cóiré. Tá thart ar leath de dhaonra na Cóire Theas ina gcónaí sa phríomhchathair arb í an chathair is mó sa tír freisin, Seoul, agus tá sí ar an tríú ceantar cathrach is mó ar domhan.
Clár ábhair
Stair[athraigh | edit source]
Súil ar an tSeanstair[athraigh | edit source]
Téann stair na Cóiré siar go dtí an bhliain 2333 roimh Chríost, nuair a bhunaigh an rí Dangun ríocht agus rítheaghlach Gojoseon nó Sean-Joseon. Chuaigh an ríocht seo i bhfairsinge, go dtí go raibh sí i seilbh thuaisceart na Leithinise chomh maith le cuid mhór den Mhanchúir. Sa deireadh, áfach, thit an ríocht seo as a chéile faoi bhrú na gcogaí a bhí sí a chur ar an tSín, is é sin, ar rítheaghlach Han. Ansin, thosaigh an ré roimh na Trí Ríochta. Ba iad na Trí Ríochta i stair na Cóiré ná Silla, Baekje, agus Goguryeo, ach sular tháinig siad ar an bhfód, bhí an Leithinis faoi chumhacht na gcomhghuailleachtaí treabhacha, agus is ar éigean a thabharfá ríocht nó stát ar a leithéid. Sa deireadh, áfach, criostalaíodh na Trí Ríochta as an bpraiseach seo: Goguryeo sa Tuaisceart, Silla agus Baekje sa Deisceart. Tugann fianaise na seandálaíochta le fios, áfach, go raibh Goguryeo ann i bhfad roimhe sin féin, agus mura raibh stát ann, bhí sibhialtacht réasúnta aontaithe ann.
Sa bhliain 676, d'aontaigh Silla na Trí Ríochta. Tháinig Silla Aontaithe ar an bhfód. Stát saibhir ardchultúrtha a bhí ann, cé nach raibh sé i seilbh an chuid is faide thuaidh de stát Goguryeo, a thit le rítheaghlach nua - Balhae. Sin é an tuige go dtugtar "ré an Tuaiscirt agus an Deiscirt" ar an tréimhse seo i stair na sean-Chóiré. Sa deireadh, thit an tóin as rítheaghlach Silla, nuair a thosaigh na craobhacha difriúla ag iomaíocht le chéile, agus sa bhliain 935, ba é rítheaghlach Goryeo a shealbhaigh tailte Silla. Tá an t-ainm atá againne ar an gCóiré bunaithe ar ainm an rítheaghlaigh seo.
Maidir le Balhae, stát mór láidir a bhí ann i mbarr a mhaitheasa, ach sa bhliain 926, fuair na Ciotánaigh - treibh Mhongólach, nó creidtear go bhfuil a dteanga gaolmhar leis an Mongóilis, ar a laghad - an ceann ab fhearr ar Balhae. Ina dhiaidh seo, tháinig Ré Nua na dTrí Ríocht, agus Silla, Baekje ("Hubaekje", nó Baekje Nua) agus Goguryeo (nó "Hugoguryeo", cé nach raibh mórán gaoil ag an rítheaghlach le sean-Ghoguryeo) ag iomaíocht faoin ard-ríocht sa leithinis arís.
D'aontaigh an tImpire Taejo, ó rítheaghlach Goryeo, an Leithinis in aon stát amháin sa 10ú haois. Stát ardchultúrtha a bhí i Goryeo, agus ní díol iontais é go bhfuair teangacha an Iarthair a n-ainm ar an tír ón rítheaghlach áirithe seo.
Leabhair[athraigh | edit source]
- Ó Murchú, Pádraig (1989). Idir Dhá Shaol. Coiscéim.
Tagairtí[athraigh | edit source]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |