An Mholdóiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Republica Moldova
Poblacht na Moldóive
Bratach na Moldóive Armas na Moldóive
Bratach Armas
Mana: Limba noastră-i o comoară
Is luachmhar leis ár dteanga
Amhrán náisiúnta: Limba noastră
Ár dTeanga
Suíomh na Moldóive
Príomhchathair Chişinău
47°0′ Thuaidh 28°55′ Thoir
An chathair is mó An Phríomhchathair
Teangacha oifigiúla Moldóivis
(Rómáinis)
Rialtas Poblacht
Nicolae Timofti (gníomhach)
Iurie Leancă
Neamhspleáchas
ón Aontas Sóivéadach

25 Nollag 1991
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
33,843 km² (139ú)
1.4
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh 2004
 • Dlús
 
4,320,490 (121ú)
3,383,332
111/km² (-)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2007
$9.367 billiún (141ú)
$9,367 (141ú)
Airgeadra leu na Moldóive (MDL)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+2 (UTC)
+3 (UTC)
Fearann Idirlín .md
Glaochód +373

Tír san Eoraip is ea Poblacht na Moldóive (Rómáinis: Moldova) atá suite idir an Rómáin agus an Úcráin. Is í Císineá príomhchathair na tíre seo. Labhraíonn formhór na ndaoine Moldóivis, teanga atá an-chosúil leis an Rómáinis - le fírinne deir na teangeolaithe nach bhfuil ann ach canúint de chuid na teanga sin. Is í an Rúisis an dara teanga oifigiúil sa tír. Bhain an tír a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach.

Sa bhreis ar an Moldóivis (Rómáinis), labhraítear Rúisis, Úcráinis agus Gagásais sa tír. Teanga bheag Tuircice í an Ghagásais agus í an-chosúil le Tuircis na Tuirce féin.

Níl rialtas na Moldóive in ann a chumhacht a chur i bhfeidhm ar iomlán na dtailte a bhaineann leis an tír de réir an aitheantais idirnáisiúnta. Lucht labhartha Rúisise agus Úcráinise is mó a chónaíonn sna críocha thoir, nach raibh sásta fanacht faoi chumhacht an rialtais Mholdóvaigh nuair a tháinig an chuma ar an scéal go raibh an tír ag lorg neamhspleáchais. Ina áit sin, bhunaigh siad stát dá gcuid féin, Poblacht na Tras-Dnístire. Ní bhfuair an "phoblacht" seo aitheantas ach ón Rúis agus ó chúpla réigiún cathach eile sna poblachtaí iar-Shóivéadacha.

Tagairtí[athraigh | edit source]