Planda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Planda
Raon iontaiseach:
luath-Chaimbriach go dtí le déanaí.
Diversity of plants image version 5.png
Aicmiú eolaíoch
Fearann: Eukaryota
Ríocht: Plantae
Haeckel, 1866[1]
Fo-ranna
Algaí glasa Plandaí na talún (embryophytae) Nematophytae

Is éard is planda ann , ar a dtugtar freisin planda glas nó Viridiplantae sa Laidin, ná orgánach ilcheallach den ríocht Plantae. Cruthaíonn siad clád a fholaíonn na plandaí bláthanna, buaircínigh agus gimnispeirmí eile, raithneacha, garbhógaí, Anthocerotophyta, Marchantiophyta agus caonaigh, chomh maith, leis na algaí glasa, ag brath ar shainmhíniú. Dhealaigh Arastotail gach uile rud beo i ndá dhream, plandaí, a bheith, de ghnáth gan baill céadfaigh agus gluaiseacht agus ainmhithe. D'aithin an córas Linnaeus dhá Ríocht, an Ríocht Vegetabilia (níos déanaí Plantae) agus an Ríocht Animalia. Ina dhiaidh sin áfach, rinneadh trí ríocht eile, Prokaryotae, Proctista agus Fungae ón Ríocht Plantae.

Seo a leanas na ceithre phríomhfhíleam i Ríocht na bPlandaí.

  1. Phylum Thallophyta
  2. Phylum Bryophyta
  3. Phylum Spermatophyta
  4. Phylum Pteridophyta

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Haeckel G (1866). "Generale Morphologie der Organismen": vol.1: i–xxxii, 1–574, pls I–II; vol. 2: i–clx, 1–462, pls I–VIII. Berlin: Verlag von Georg Reimer.