Túlairéime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar a tharlaíonn de bharr baictéir ar leith a ionfhabhtaíonn géim, atá in ann maireachtáil ar feadh seachtainí in ithir is uisce, an-ionfhabhtaíoch. Galraíonn sé daoine, sealgairí is gaisteoirí den chuid is mó, trí thadhall díreach leis an gcraiceann, greameanna sceartán a ionmhíolaíonn ainmhithe fiáine, nó feoil nó uisce ionfhabhtaithe a ionghabháil. Is iad na siomtóim ná tuirse, fiabhras, nóid limfeacha ata, niúmóine, othrais ar an gcraiceann, agus gastaireintríteas. Is féidir go leathfaidh an t-ionfhabhtú ar fud na colainne, agus gan chóireáil bíonn sé marfach i 10% de na cásanna. Cuid mhaith taighde á dhéanamh air de bhrí gur féidir é a úsáid i gcogaíocht bhitheolaíoch.