Camilo José Cela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Camilo José Cela (1916 - 2002)

Scríbhneoir Spáinneach ab ea Camilo José de Cela y Trulock (19162002). Do rugadh é ar an 11ú lá de Bhealtaine in Iria Flavia, suite gar do Phadrón sa Ghailís na Spáinne, agus do fuair sé bás ar an 17ú lá d'Eanáir i Maidrid na Spáinne.

Do scríobh sé cuimse saothar (úrscéalta, gearrscéalta, leabhair taistil, dánta agus aistí ina measc), ach is dóigh gurb iad na húrscéalta La Familia de Pascual Duarte (1942; Gaeilge: 'Clann Phascuail Duarte') agus La colmena (1951; Gaeilge: 'An Choirceog') na saothair is iomráití dá chuid. Do bronnadh a lán duaiseanna air agus ar a chuid scríbhneoireachta, an Premio Príncipe de Asturias de las Letras (1987; Gaeilge: 'Duais Liteartha Prionsa na hAstúire') agus an Premio Cervantes (1995; Gaeilge: 'Duais Chervantes') ar chinn acu. Bronnadh Duais Nobel don Litríocht air sa bhliain 1989.