Mido
Mido | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 23 Feabhra, 1983 | |
Áit breithe | Caireo, An Éigipt | |
Club reatha | ||
Club | Wigan Athletic (ar iasacht) | |
Suíomh | 9 | |
Foirne mar imreoir | ||
1999-2000 2000-2001 2001-2003 2003-2004 2004-2006 2006-2007 2007- 2009- |
El-Zamalek K.A.A. Gent Ajax Marseille A.S. Roma Tottenham Hotspur Middlesbrough Wigan Athletic |
|
Is imreoir sacair é Ahmed Hossan Hussein Adelhamid (Araibis: أحمد حسام حسين عبد الحميد) (r.23 Feabhra, 1983 i Caireo, An Éigipt). Imríonn sé faoi láthair le Wigan Athletic sa Premier League.
Blianta imeartha[athraigh | edit source]
El-Zamalek sa hÉigipt an chéad chlub ar bhain sé leis. D'imir sé le K.A.A. Gent sa séasúr 2000 - 2001 agus chuir aon chúl déag. D'imir sé le Ajax san Isiltír ó 2001 go 2003 agus chuir a lán cúl. D'imir sé le Marseille ó 2003 go 2004 agus bhí sé ag imirt le A.S. Roma ó 2004 go 2006.
Tottenham Hotspur
D'imir sé le Spurs ó Mhí Eanáir 2006 go dti Samhradh 2007. Bhí ocht gcluiche is daichead aige agus chuir sé trí chúl déag, ach níor thaitin sé le Martin Jol sa bhliain 2007.
Middlesbrough
Ba mhaith le Gareth Southgate é agus cheannaigh sé Mido i Samhradh 2007. Sa séasúr 2007/08 bhí deich gcluiche ag Mido agus chuir sé dhá chúl, ach ní raibh sé sásta. Sa séasúr 2008/09 d'imir sé sé chluiche agus chuir trí chúl in aghaidh Tottenham, Learpholl agus Portsmouth, rud a thug an-sásamh dó.
Wigan Athletic
Tá sé ar iasacht ag Wigan anois, agus chuir cúl sa chéad cluiche leis an chlub in aghaidh Liverpool i Eanáir, 2009.
Agus má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir Gaeilge a chur air.