Sruth na Murascaille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i Sruth na Murascaille ná sruth aigéanach a éiríonn i Murascaill Mheicsiceo, a ritheann thar Florida agus ar feadh cósta thoir na Stát Aontaithe go sraontar é gar do Thalamh an Éisc, agus as sin soir ó thuaidh (Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh a thugtar air as sin amach), trasna Aigéin an Atlantaigh Thuaidh, go iarthar na hEorpa. Iarmhairt láidir fhabhrach ar a uisce te ar aeráid iarthuaisceart na hEorpa, Éire go háirithe, ionas gur aimsir bog tais is mó a bhíonn ar iarthar na mór-rinne agus na hoileáin atá suite roimpi.

Fágann sé, freisin, gur féidir le báid dul i gcalafort in iarthar na hEorpa ar feadh an gheimhridh ar fad, chomh fada aduaidh leis an Iorua.