An Ghréig
|
|||||
Mana: Ελευθερία ή Θάνατος (Gréigis: Saoirse nó Bás) |
|||||
Amhrán náisiúnta: Ύμνος εις την Ελευθερίαν Imnos pros tin Eleftherian |
|||||
Príomhchathair | An Aithin 37°58′ Thuaidh 23°40′ Thoir |
||||
An chathair is mó | An Aithin | ||||
Teangacha oifigiúla | Gréigis | ||||
Rialtas | Daonlathach, Poblacht Prokopis Pavlopoulos Alexis Tsipras |
||||
Neamhspleachás - Fógartha - Aitheanta |
Ón Impireacht Otamánach 25 Márta, 1821 1829 |
||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
131,940 km² (94ú) 0.86% |
||||
Daonra • Meas. ó 2004 • Daonáireamh 2004 • Dlús |
10,647,529 (70ú) 10,939,605 82.9/km² (87ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $230.684 míle milliún (28ú) $21,017 (28ú) |
||||
Airgeadra | Euro1 (€) (EUR ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
EET (UTC+2) EEST (UTC+3) |
||||
Fearann Idirlín | .gr | ||||
Glaochód | +30 |
||||
1 Roimh 2001: Drachma na Gréige. |
Is tír í an Ghréig (Gréigis: Ελλάδα), ar a dtugtar go hoifigiúil an Phoblacht Heilléineach (Gréigis: Ελληνική Δημοκρατία). Tá sí suite in oirdheisceart na hEorpa, ar imeall theas na leithinse Balcánaí. Tá teorainneacha ag an dtír leis an mBulgáir, an Macadóin agus an Albáin lastuaidh di agus ag an Tuirc lastoir di. Tá an Mhuir Aeigéach taobh thoir den nGréig, tá an Mhuir Iónach taobh theas di agus tá an Mheánmhuir mar theorainn thiar di. Tá ochtó faoin gcéad de thalamh na tíre clúdaithe le sléibhte, agus Sliabh Oilimpeas ar an gceann is airde díobh, agus í 2,917 méadar (9,570 troigh). Tá thart ar 1,400 oileán ina timpeall, ach ní chónaíonn daoine ach ar 127 astu.
Tá stair fhada shaibhir ag an nGréig ó ré na Sean-Gréige i leith, agus measann an-chuid daoine gur sa tír seo a cruthaíodh sibhialtacht an Iarthair, an fhealsúnacht agus an daonlathas, gan trácht ar na Cluichí Oilimpeacha, Litríocht an Iarthair, staireolaíocht, eolaíocht pholaitiúil, cuid mhaith de bhunphrionsabail eolaíochta agus matamaitice, an chéad bhonn riamh agus drámaíocht an Iarthair. Bhí tionchar ar leith ag an nGréig ar chultúrtha na hEorpa, na hÁise agus na hAfraice.
Thiar sa bhliain 1830 a bunaíodh an Ghréig mar náisiún nua-aimseartha, tar éis di éirí amach in aghaidh na nOtamánach. Is ballstát den Aontas Eorpach í sá lá atá inniu ann.
Clár ábhair
Stair[athraigh | edit source]
Ceantair[athraigh | edit source]
- an Ataic, Aintíoch
- an Mhacadóin
- Na hOileáin Dhóideacanacha
- Méileas
- Peilipinéiseach
- an Tráicia, an Teasáil, Téara, Tearmápalae
Cathracha[athraigh | edit source]
Tagairtí[athraigh | edit source]
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • Poblacht na Macadóine • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |