Oileán Europa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Is oileán íseal (28 ciliméadar) é Oileán Europa (Fraincis: Île Europa) amach ó chósta na Mósaimbíce. Tá 22.2 ciliméadar de chósta aige ach níl cuan ná calafort ar bith ann. Tá aerstráice 1,500 méadar ann.

Is tearmann dúlra é Oileán Europa agus is ann a neadaíonn níos mó turtair ghlasa ná in aon áit eile ar domhan. Tá gabhair fhiaine ann a d'fhág lonnaitheoirí ar an oileán san 18ú haois.

Ba ón long Shasanach Europa a thug cuairt ar an oileán sa bhliain 1774 a ainmníodh an t-oileán, ach tá sé i seilbh na Fraince ón mbliain 1897. Rinne daoine iarracht cur fúthu ann idir 1860 agus 1920 ach níl ach fothraigh agus uaigheanna ann anois.