Eotanáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Deireadh gan phian a chur le beatha duine, mar ghníomh trócaire chun deireadh a chur le pian ainsealach is fulaingt gan staonadh. Tá eagraíochtaí i dtíortha áirithe a mholann a leithéid do sheandaoine a bhfuil a ndúil sa bheatha caillte acu de thoradh míchumais nó galair fhorchéimnithigh gan leigheas. Tarlaíonn cásanna féinmharaithe le cabhair dochtúra ó am go chéile, othar le tinneas foirceanta a fhaigheann dáileog mharfach drugaí ó lia. Is ceist chonspóideach eitice í seo sa mhíochaine agus i gcoitinne. Mar sin féin rinneadh an cleachtas dleathach i stáit áirithe de na Stáit Aontaithe sna 1990idí, agus san Ollainn is an Bheilg i 2002.