Hong Cong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hong Cong
香港
Hong Cong
Suíomh

22°19′ Thuaidh 114°11′ Thoir

Rialtas
Stádas: Ceantar Speisialta Riaracháin
Príomhfheidhmeannach: Leung Chun-ying
Déimeagrafaic
Achar: 1,104 km²
Daonra: 6,985,200 (2008)[1]
Dlús daonra: 6,352/km²
www.gov.hk

Ceantar Speisialta Riaracháin i nDaon-Phoblacht na Síne is ea Hong Cong. Ceann de mhórionaid airgeadais agus trádála an domhain. Bhunaigh na Sasanaigh coilíneacht ann sa 19ú haois, tar éis do na Portaingéiligh ionad trádála a bhunú ann tar éis don taiscéalaí Jorge Álvarez cuairt a thabhairt ar an áit i 1513. Faoi Chonradh Nanking, tar éis don Bhreatain cogadh a bhuachaint ina gcoinne, ghéill an tSín Hong Cong i 1842. Fuair an Bhreatain talamh ar mhórthír na Síne ar léas 99 mbliana chomh maith le hoileán Hong Cong agus leithinis Kowloon.[2]

Bratach

Ghabh na Seapánaigh seilbh ar Hong Cong ar feadh breis is trí bliana go leith le linn an Dara Cogadh Domhanda, ach ghéill siad ar an 15 Lúnasa 1945 agus bhí na tailte ar ais i seilbh na Breataine. Tháinig meath ar an gcalafort ar feadh tamaill tar éis do na Cumannaigh teacht i gcumhacht sa tSín, ach cuireadh tionscal mór teicstíle ar bun agus d'fhás an eacnamaíocht go mear. De réir a chéile cuireadh tionscail déantúsaíochta eile ar bun sa choilíneacht agus rinneadh an-fhorbairt ar bhaincéireacht agus ar chomhlachtaí airgeadais.

Níorbh fhada go raibh Hong Cong ar cheann de na críocha ba shaibhre ar domhan. Sna 1980í bheartaigh rialtas Maggie Thatcher na Breataine ar fhlaitheas Hong Cong a phlé leis an tSín. Aontaíodh go mbeadh na tailte uile tugtha ar ais don tSín ach go mbeadh neamhspleáchas áirithe ag Hong Cong mar Cheantar Speisialta Riaracháin ionas nach gcuirfí isteach ar an gcóras caipitleach.

Tá srianta curtha ar chearta daonna ó shin, ach ní raibh córas daonlathach riamh ann.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Hong Cong.
Hong Cong.