Vicí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas feidhmchláir Gréasáin is ea vicí a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram Idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú (féach ar bogearraí vicí).

Tagann an focal ón Haváis wiki wiki, a chiallaíonn "mear" nó "neamhfhoirmiúil". Úsáidtear an téarma sin go leathan in Haváí i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar chuid den nasctheanga Haváíoch.

Chruthaigh Ward Cunningham an chéad vicí sa "Portland Pattern Repository" ar 25 Márta, 1995.