FIFA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na sé cónaidhmeanna mór-roinneach:

██ AFC (An Áise agus an Astráil)

██ CAF (An Afraic)

██ CONCACAF (Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Láir, an Chairib)

██ CONMEBOL (Meiriceá Theas)

██ OFC (An Aigéine)

██ UEFA (An Eoraip)

Is é an Fédération Internationale de Football Association, nó FIFA (Comhaontas Idirnáisiúnta na gCumann Sacair as Gaeilge), an bord bainistíochta idirnáisiúnta sacair agus an eagraíocht spóirt is mó sa Domhan. Tá a cheanncheathrú suite i Zürich, san Eilvéis, agus is é Sepp Blatter a uachtarán reatha.

Bunaíodh FIFA i bPáras ar an 21 Bealtaine 1904, agus b'é an Francach Robert Guérin an chéad Uachtarán. Le teann urraime don traidisiún, coinníodh an t-ainm Fraincise agus a ghiorrúchán in úsáid go dtí an lá atá inniu ann, fiú i dtíortha nach gcluinfeá focal Fraincise iontu.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]