07:00

Cúla 4 AM
Bí do shuí le moch maidine i dteannta Cúla 4. Beidh neart clár, ceoil agus cainte againn ón 7.00rn.

07:01

Cúla Pop
Tús ceolmhar leis an lá leis na físeáin is mó a mbíonn tóir orthu. Seol iarratais chugainn ar téacs 087 9066670!

07:30

Lizzie McGuire
Tá Gordo sna fataí lofa!

07:50

Spongebob Squarepants
Físeán oiliúna.

08:05

UBOS
Draíocht agus tuilleadh draíochta!

08:20

Baby Looney Tunes
Eachtraí lenár gcairde

08:30

Dora
Eachtraí le Dora.

08:55

Elmo
Dineasár.

09:20

EuroNews
Cainéal nuachta na hEorpa a chraolann nuacht dhomhanda ach léargas Eorpach uirthi. Gach tríocha nóiméad craolann EuroNews na míreanna nuachta is deireanaí ar scéalta gnó, spóirt agus ar chúrsaí reatha an lae san Eoraip.

10:40

Survivor
Tá Richard imithe agus is é Lex anois a bhíonn ag soláthar an éisc. I dtreibh Chapera ní go rómhaith atá Rupert agus Rob M ag tarraingt le chéile.

11:30

Eve
Molann Rita agus Janie do Shelly gur cheart di eolas níos fearr a chur ar an bhfear a bhfuil sí mór leis. Socraíonn Shelly go rachaidh sí ag smúrthacht thart i dteach J.T. chun sin a dhéanamh.

11:55

An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

12:00

Movie an Lae: Northwest Passage
(1940) Is iad Spencer Tracy, Robert Young agus Walter Brennan na príomhaisteoirí sa scannán seo a stiúraigh King Vidor. Déanann Langdon Towne agus Hunk Marriner i dteannta Major Rogers slad ar bhaile de chuid na nIndiach. As leo go Fort Wentworth ach ní móide go mbíonn saighdiúirí rompu ann ná na soláthairtí a rabhadar ag súil leo.

14:30

CÚLA 4
Beidh Hiúdaí agus Sinéad linn do shéasúr nua spleodrach ar Cúla4.

14:32

Clifford
Ná Bíodh Náire Ort / Cloch Dhraíochta.

14:55

Dora
Sorcas

15:20

Poochini
Eachtraí le Poochini.

15:55

Spongebob Squarepants
Tógann an tUasal Krab áit súgartha.

16:10

Samuri Jack X2
Eachtraí lenár gcairde

17:00

Lizzie McGuire
An bhfuil athrú tagtha ar chara Lizzie agus Miranda? Cén fáth?

17:25

Spongebob Squarepants
Téann Spongebob agus Patrick ag campáil ar chúl an tí.

17:35

Justice League
Tá an namhaid thíos fúinn.

18:05

An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

18:10

What I Like About You
Bíonn ríméad ar Holly nuair a fhaigheann sí post i gcomhlacht ceoil ach is gearr a bhíonn mar go síleann sí nach maith leis an bhfostóir í. Chun cuimhne an tsaoil a bhaint as cloigeann Val tugann an grúpa amach chuig club oíche í ar 'oíche na gcailíní' sa chlub.

18:30

Scooby & Scrappy Doo Show
Eachtraí lenár gcairde.

19:00

Nuacht TG4
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

19:26

An Aimsir Láithreach
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

19:30

Comhrá
Colm Ó Cuanacháin: Is é Colm Ó Cuanacháin an t-ardrunaí ar Amnesty International sa tír seo. Tá an-suim aige in eitilt agus eitlíonn sé chuig a chruinnithe ar fad. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelscoil an Ghort Álainn, i gcathair Chorcaí, an chéad ghaelscoil ilchreidmheach sa tír.

20:00

7 Lá
Beidh 7 Lá ag caitheamh súil ar iarrthóirí thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta 2005 ó cheann ceann na tíre. Anocht beidh iarrthóirí Ghaeltacht Chiarraí linn ag déanamh plé ar an toghchán agus ar a bhfeachtas féin.

20:30

Ard san Aer
Buaicphointí ó chluichí an deireadh seachtaine ina measc an 4ú babhta de Shraith Náisiúnta Iománaíochta Allianz - Gaillimh v Port Láirge, Loch Garman v Luimneach. Sa 5ú babhta de Shraith Náisiúnta Peile Allianz d'imir: Gaillimh v Laois agus Ciarraí v An Iarmhí. Tráchtaireacht le Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha agus Gearóid Mac Donncha.

21:15

An Aimsir Láithreach
Aimsir Náisiúnta agus Farraige

21:20

The OC
Socraíonn Summer go mian léise cabhair a thabhairt leis an leabhar ghrinn ach níl Seth róchinnte an mbeadh sé ábalta an méid sin ama a chaitheamh ina teannta leo féin. Téann Sandy agus Rebecca siar ar bhóithre na smaointe agus déanann Kirsten iarracht a chur ina luí ar Caleb go bhféadfadh Caleb agus Linsdsay caidreamh athar agus iníon a bheith acu lena chéile.

22:15

Paisean Faisean
Sraith ina dtabharfar le chéile an dá rud is deise linn, grá agus gúnaí deasa! Beidh cailín amháin ar thóir grá, beidh triúr fear againn agus beidh orthusan í a mhealladh le héadaí deasa! Ar chlár na hoíche anocht beidh Cian Ó Fathaigh Aodán Ó Ceallaigh, Tomás Breathnach agus Gráinne Murphy. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.

22:45

Nip/Tuck
Cuireann Ava ina luí ar Matt iarraidh ar Christian dul chuig an gcruinniú tuismitheoirí in áit Sheáin. Cuireann sí ina luí ar mhúinteoir Matt gan a bheith chomh géar ar na buachaillí agus go bhfaighidh sí obráid súl déanta saor in aisce. Ach nuair a fhaigheann Adrian i dtrioblóid arís, faigheann Seán amach faoi agus bíonn focal aige le Ava. Leagann sé síos rialacha diana do Matt - ach cén toradh a bheidh orthu?

23:40

Cold Case
Déanann Rush agus an fhoireann athoscailt ar chás inar bhásaigh dornálaí le linn craobh dornálaíochta i 1976.

00:35

An Aimsir Láithreach
Aimsir Náisiúnta agus Farraige

00:40

Forgotton Voices
Vietnam: Tugtar spléachadh ar chúrsaí creidimh i Vítneam sa lá atá inniu ann agus ar an tslí a bhfuil baint ag gnéithe de chreidimh éagsúla lena chéile. Tugtar léargas dúinn mar a théann lucht gnó i muinín na spiorad ar an saol eile. (Athchraoladh)

01:40

EuroNews
Cainéal nuachta na hEorpa a chraolann nuacht dhomhanda ach léargas Eorpach air. Gach tríocha nóiméad craolann EuroNews na míreanna nuachta is deireanaí ar scéalta gnó, spóirt agus ar chúrsaí reatha an lae san Eoraip.

06:58

Deireadh Craolta