ROS NA RÚN - SRAITH # 14!
Faigheann Tadhg agus Frances amach nach dtiocfaidh a naíonán nua-bheirthe slán gan smior a fháil ó dhuine gaolta. Feicfear go bhfuil Caitríona ag dul le fiontraíocht nuair a osclaíonn sí sciamhlann ar an mbaile, gnó a mbeidh biadán go leor ann agus faoi.
Ní chun sonais a rachaidh an saol ag Bríd agus Micheál má leanann Molly uirthi lena cuid cleasanna. Beidh a chuid fadhbanna tinnis féin ag Peadar bocht freisin, is cosúil, agus dea-scéala ag Adelaide.
Dé Máirt & Déardaoin @ 8.30in
Ollchlár Dé Domhnaigh @ 10.30in
Tá rudaí go dona ag na Búrcaigh agus níl teaghlach aontaithe iad ach oiread in am seo an ghátair. Gabhadh Donncha tar éis dó teitheadh agus iarracht a dhéanamh imeacht leis thar sáile seachas fanacht ar a thriail i ndúnmharú. Seo é ar ais sa gcúirt anois agus na glais láimhe air. Ina aighneacht chlabhsúir, deir abhcóide an ionchúisimh gur dúnmharú réamh-phleanáilte brúidiúil a rinneadh ar O'Dowd agus gur comhartha breise ar chiontacht Dhonncha gur fhéach sé le teitheadh ón dtriail agus as an tír.
Is doiligh d'éinne cur suas leis an teannas uafásach agus leis na mothúcháin ar fad atá sa timpeall maidir leis an triail seo. Tuigeann Tina go maith gurb ise is cúis le fulaingt na mBúrcach agus leis an éagóir ar fad mar gurbh ise a mharaigh O'Dowd. Mar bharr ar an donas tá Daniel, atá ar an eolas faoinar tharla, ag baint barr pléisiúir as an dúmhál atá déanta aige ar Tina. Tá léas dóchais ann do na Búrcaigh mar go dtarlaíonn bás tobann!