SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

NA CLOIGNE - DÉ SATHAIRN @ 21:25

divider

Is scéinscéal osnádúrtha é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, a tharraingítear isteach i ndúnmharú uafásach, brúidiúil, beirt chailíní óga.

Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici. Tá a caidreamh le Seán faoi bhrú mór mar go raibh sé mídhílis di le déanaí le bean áitiúil, Áine.

Oíche amháin agus é súgach tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile i gcomhair cúpla deoch tar éis bheith sa teach ósta. Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr agus í bhfeirg le héad. Dúisíonn Séan lá arna mhárach agus a chuid éadaí báite i bhfuil agus gan aon chuimhne aici ar céard a tharla an oíche roimhe sin...

divider

divider

clip - generic.mp4 - 5.9 MB - Íoslódáil

 

O Maille

divider

Ar ionsaitheoir gan trócaire a mharaigh na mná óga, ar maraíodh iad le teann éada nó an bhfuil baint ag fórsaí osnádúrtha leis na heachtraí uafásacha seo?

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.

Tá Na Cloigne lonnaithe i mbaile an Chloiginn i gConamara, áit atá beo le hachrainn teaghlaigh, éad agus fórsaí dorcha an oilc. Níl ach corr dhuine a fheiceann an méid atá i bhfolach istigh i gCoill an Chloiginn.

Tá neart d'aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne. Ina measc tá Dara Devaney agus Siobhán O'Kelly i bpáirteanna Sheáin agus Nuala, le Barry McGovern i bpáirt an Cheannfoirt a thagann i gcabhair orthu.

I measc na n-aisteoirí eile mór le rá atá le feicéil sa tsraith tá: Macdara Ó Fatharta, Joe Steve Ó Neachtain agus Áine Ní Dhroighneáin.

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO ROSG FACEBOOK