Cuimhní cinn ón Oireachtas

Dé Céadaoin, 2 Samhain 2011

Labhraíonn Áine Ní Chuaig le roinnt Gaeilgeoirí le fáil amach.
LILLIS Ó LAOIRE: BA ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhíodh Lillis Ó Laoire ag éisteacht le comórtais an Oireachtais sular fhreastail sé den chéad uair in 1985 i gCorcaigh. Agus tá sé ag dul ann ó shin. D’éirigh leis Corn Uí Riada a thabhairt leis in 1991 agus 1994. “Buaicphointí a bhí sa dá oíche sin ar ndóigh ach bhí oícheanta eile ann freisin,” a deir Lillis. “Bua Mhairéad Ní Oistín sa bhliain 1995 agus gabháil Eilís Uí Shúilleabháin ar Aisling Gheal an oíche chéanna sa Shelbourne i mBaile Átha Cliath.” Deir Ó Laoire go dtugann an tOireachtas ardán don Ghaeilge nach mbaineann le hoideachas – an cultúr, caitheamh aimsire agus spraoi. “Tugann sé gradam don Sean-Nós freisin, ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus do na healaíona dúchasacha eile.” Creideann sé go mairfidh an tOireachtas ach go dtiocfaidh athrú air. “Is mar sin is ceart d'aon fhéile a bheith.” Tá Lillis ina léachtóir le Gaeilge, agus Ceann Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Níos luaithe i mbliana, foilsíodh ‘Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man’. Fiontar comhscríbhneoireachta leis an Ollamh Sean Williams ó Ollscoil Evergreen i Washington atá ann, a thugann léargas cuimsitheach ar shaol, saothar agus tionchar an amhránaí Seosamh Ó hÉanaí. Beidh Ó Laoire i mbun moltóireachta ar chomórtas Chorn Uí Riada ar an Satharn, in éindí le hEilís Uí Shúilleabháin agus Séamus Ó Dubhthaigh.

 

NELL NÍ CHRÓINÍN: “IS de thoradh an Oireachtais gur tugadh an deis domsa casadh le cuid de na hamhránaithe, rinceoirí, filí, cumadóirí agus carachtair mhóra atá imithe uainn anois ar shlí na fírinne,” a d’inis Nell Ní Chróinín dom. “Daoine mar Dhónal Ó Liatháin, Ciarán Ó Concheanainn agus Johnny Sheáin Jeaic Mac Donncha.” As Béal Átha an Ghaorthaidh i gContae Chorcaí ó dhúchas, tá Nell ag freastal ar an Oireachtas ó bhí sí deich mbliana d’aois. Bhain sí amach an dara háit sa Chomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós faoi 35 bliain dhá bhliain ó shin. Anuraidh, d’éirigh léi an chéad áit a bhaint amach sa chomórtas céanna agus Comórtas na mBan a thabhairt léi freisin. Creideann sí go bhfuil tábhacht thar na bearta leis an Oireachtas agus go gcuireann sé go mór lenár gcultúr agus lenár noidhreacht. “Tugann an tOireachtas deiseanna iontacha do dhaoine óga tuiscint a fháil ar na nósanna éagsúla agus na stíleanna ar leith a bhíonn le fáil sna Gaeltachtaí.” Tá Nell dóchasach go mbeidh an oiread céanna nó níos mó daoine óga ag glacadh páirte in imeachtaí an Oireachtais sa todhchaí. “Tá súil agam go mbeidh flúirse ceoil, amhránaíochta agus rince le clos ag an Oireachtas sna blianta atá le teacht agus go mbeidh an fhéile iontach seo fós ag dul ó neart go neart i bhfad i ndiaidh ár linne.” Beidh Nell ag glacadh páirte i gcomórtas Chorn Uí Riada ar an Satharn.

 

MAIRÉAD NÍ FHLATHARTA: “SEOí ócáid mhór na Gaeilge, áit a gcastar daoine ort ó chuile Ghaeltacht nach bhfeictear ó cheann ceann na bliana agus téann chuile dhuine craiceáilte ag damhsa!” Tá Mairéad Ní Fhlatharta, as Baile an tSléibhe ar an Spidéal ó dhúchas, ag freastal ar an Oireachtas ó 1993, an t-aon bhliain a reáchtáladh an fhéile i gCathair na Gaillimhe. Tá go leor duaiseanna bainte amach aici ag an Oireachtas don Amhránaíocht ar an Sean-Nós, ina measc Corn na mBan in 2007 agus an dara háit i gcomórtas Chorn Uí Riada in 1998. Ag cuimhneamh ar a cara mór Ciarán Ó Con Cheanainn, tá cuimhne amháin ar leith a sheasann amach ina hintinn . . . “Thíos i nDún Garbhán a bhí muid in 1999 agus diabhail lóistín a bhí le fáil san óstán agam féin agus mo chairde, Mairéad agus Michelle as Cill Chiaráin. Bhí seomra ag Ciarán Ó Con Cheanainn san óstán agus ní raibh aon chuimhne aige dul a chodladh, cé go raibh sé ina mhaidin. Ní nach ionadh dó mar bhí an dara háit faighte aige i gCorn Uí Riada an oíche úd! Fuair muid an eochair uaidh. Diabhail leaba a bhí ag Ciarán bocht nuair a laindeáil sé ar ais sa seomra. Nach muid a rinne an gháire an oíche sin!” Deir Mairéad nach gcaillfeadh sí an tOireachtas go deo. “Saol fada don Oireachtas agus gura fada buan é!” Beidh Mairéad ag glacadh páirte i gcomórtas Chorn Uí Riada ar an Satharn.

 

MÁIRE NÍ CHOILM: “TÁ sé galánta nuair a éiríonn leat duais a fháil,” a deir Máire Ní Choilm, atá ag freastal ar an Oireachtas ó 1989 i nGleann Cholm Cille. Bhain sí amach Comórtas na mBan in 1997 agus 2010. “Is maith liom cairde maithe bheith cruinnithe ag baint suilt as cuideachta a chéile, na hamhráin, an spiorad a bhíonn i láthair agus cúpla pionta breá leanna!” Baineann Máire sult ‘millteanach’ as na comórtais, go háirithe na cinn nach mbíonn sí féin páirteach iontu. “Bíonn tú ábalta suí siar, éisteacht agus a bheith go hiomlán ar do shuaimhneas.” B’ócáid fhíorspeisialta di an oíche a bhuaigh a cara dil Ciarán Ó Con Cheanainn Corn Uí Riada i gCorcaigh sa bhliain 2008. Ba é Ciarán an duine ab óige riamh a bhain amach an gradam agus ba mhór an chailliúint a bhás cúpla mí ghairid ina dhiaidh sin agus gan é ach i mbláth na hóige. Tá sé soiléir go bhfuil níos mó daoine ag tarraingt ar an Oireachtas chuile bhliain ach tá Máire Ní Choilm den tuairim go bhfuil sé ag éirí ‘rud beag ró-mhór’. “Is fearr liom féin na féilte beaga, cosúil le hÉigse Joe Éinniú i gCarna agus Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha, nuair nach gcaitheann tú leath na hoíche ag lorg daoine.” Beidh Máire ag glacadh páirte i gcomórtas Chorn Uí Riada ar an Satharn.

 

 

Is le linn a chuid laethanta ag traenáil i gColáiste Phádraig ó 1963-65 a d’fhreastail Maidhc P. Ó Conaola ar an Oireachtas ar dtús.

“Is thart ar an gCastle Hotel a bhíodh daoine ag cruinniú an t-am sin. Bhíodh muintir na nGaeltachtaí ar fad ag fanacht ann agus b’shin an lár-ionad. Bhí sé buailte ar Choláiste Mhuire agus is ansin is cuimhin liom a bheith ag éisteacht leis an sean-nós ar dtús.”

 

Bhí baint mhór ag an Oireachtas le muintir na nGaeltachtaí ar fad a cheangal le chéile. “Ní raibh an raidió ann an t-am sin, an dtuigeann tú,” a deir Maidhc. “Thagadh siad ar fad le chéile agus bhíodh seachtain mhór mhaith acu agus b’fhada leo go dtagadh an tOireachtas thart arís an bhliain dar gcionn. ”

 

Ach ní chuirfeadh sé an tOireachtas san am sin i gcomparáid le hOireachtas an lae inniu. “Bhíodh seisiún go maidin sa gCastle – ceol agus amhráin. Ach ní raibh an slua chomh mór bhfuil fhios agat. Ar bhealach is dóigh go raibh sé níos deise mar bhí fhios ag chuile dhuine go díreach cén áit a mbeadh an chraic.”

 

Bhí suim ag Maidhc ins na hamhráin i gcónaí agus ghlac sé páirt sa chomórtas sean-nóis bliain amháin. Thaitin an t-amhrán ‘Brídín Bhéasach’ go mór leis riamh agus d’fhoghlaim sé cúpla ceathrú de óna chomharsa, Tom Pháidín Tom Ó Coisdealbha.

 

“Caithfidh sé go raibh anmhuineál a’m ag an am,” a deir Maidhc ag gáire. Ní raibh sé “i bhfoisceacht scread asail de dhuais a fháil” mar a deir sé féin. “Is cuimhin liom Tomás Mac Eoin agus Peadar Tommie Mac Donncha as an gCeathrú Rua. Sílim gurbh é Tomás a bhuaigh an bhliain sin. Ba mhór i gceist an bheirt acu ag an am i gColáiste Mhuire agus ar ndóigh bhí siad thar barr.”

 

Is iad na pearsana móra a bhíodh ag an Oireachtas an t-am sin is mó a sheasann amach i gcuimhne Uí Chonaola. Leithéidí Sheáin Uí Chonaire as Ros Muc, Johnny Chóil Mhaidhc agus Tom Pheaidí Mhic Dhiarmada as Cois Fharraige. Is aige a bhíodh an spraoi ina gcomhluadar. “Bhíodh an seomra lán agus Tom Phaidí ag insint scéil,” a deir Maidhc. “Bhí sé ina ‘phrime’ an uair sin, bhfuil fhios agat... sin é an chaoi ar chuir mé féin suim ins na scéalta... b’iontach an spreagadh a bhí ann mar a déarfá.”

 

Ba i dtús na seachtóidí a thosaigh méadú ag teacht ar an Oireachtas agus b’éigean aistriú go dtí an RDS. B’shin an uair a thosaigh an tOireachtas ag leathnú amach i ndáiríre, dar le Maidhc. Tá cuimhne mhaith aige ar an oíche a bhuaigh Seán de hÓra as Corca Dhuibhne Príomh-Chomórtas Amhránaíochta an tSean-Nóis, mar a tugadh air ag an am.

 

“B’shin san RDS in 1970,” a d’inis sé dom. “Tháinig sé ar ais sa gCastle ina dhiaidh agus bhí oíche go maidin ann. Bhí coimhlint mhór ann an oíche sin, idir Seán de hÓra agus Seán Ó Conaire. Is dóigh go raibh beagáinín éada ar Sheán go raibh an duais faighte ag de hÓra! An nóiméad a chríochnódh Seán de hÓra amhrán, thosódh Seán Ó Conaire, agus gan briseadh ar bith, thosódh Seán de hÓra arís. Lean sé seo ar aghaidh go maidin!”

 

Bhíodh an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain thart an t-am sin freisin. “Is cuimhin liom a bheith san RDS oíche amháin agus bhí slua aisteach ann... Tháinig an Cadhnach isteach ag deireadh na hoíche agus d’iarr sé deoch... “Tabhair dom deoch!” a deir sé, ach ní thabharfadh aon duine deoch dó. Spréach sé! Bhuel, thosaigh sé thuas ag ceann an chuntair agus ní dhearna sé ach a dhul síos lena láimh agus chuir sé in aer chuile ghloine dá raibh ann!”

 

I dtús na seachtóidí, tháinig athrú ar an scéal. Reáchtáladh picéad taobh amuigh den RDS. Mheas tromlach na Gaeltachta go raibh an iomarca de dhlúthcheangal idir an tOireachtas agus Baile Átha Cliath. Cheapadar gur cheart é a scaipeadh amach agus ‘speáint go bhféadfaí Oireachtas a eagrú sa nGaeltacht ina mbeadh chuile dhuine páirteach. Ba as sin a tháinig Oireachtas na nGael, a reáchtáladh i Ros Muc, Cill Chiaráin, Tír an Fhia, Corr na Móna agus Ciarraí.

 

“Bhí sé difriúil den Oireachtas foirmeálta i mBaile Átha Cliath,” a deir Maidhc. “Bhí an ceann seo neamhfhoirmeálta agus ní raibh aon bhéim mhór curtha ar chomórtais. Bhí béim ar dhaoine a thabhairt le chéile – le haghaidh spraoi, craic, ceoil agus óil.”

 

Duine eile a sheasann amach go láidir ina intinn ná Cóilín Cliseam, an t-amhránaí breá as an gCaisleán in Indreabhán a thug leis Comórtas Sean-Nóis na bhFear faoi dhó. “Bhínn ag déanamh amach uair amháin go raibh mé mar ‘agent’ ag Cóilín,” arsa Maidhc ag gáire. “Is minic a thug mé suas ag an Oireachtas é... Bhí Cóilín go maith... Dá nólfadh sé b’fhéidir dhá phionta nó trí, bhí sé iontach uilig, cumasach ar fad... Ach dá rachadh sé go dtí an cúigiú nó séú pionta, thosódh sé ag baint faid as na nótaí agus na véarsaí, agus chaillfeadh sé an rud speisialta sin a bhí aige. Chuaigh sé an-ghar dó ach chinn air Corn Uí Riada a thabhairt leis.” Is cosúil go raibh tallann eile ag Cóilín freisin – ‘Damhsa na gCoiníní’. D’inis Maidhc dom go dtéadh sé sin síos iontach uilig ag an Oireachtas!

 

Tá athrú aisteach mór ar an Oireachtas ón am sin, dar le Maidhc. “Tá sé níos mó anois ar chuile bhealach. Ní bhíodh damhsa ar an sean-nós ar bith ann fadó. Sin rud nua ar fad agus caithfidh mé a rá gur chuir sé go mór leis.”

 

Samhlaíonn an Conaolach go leanfaidh an tOireachtas ar aghaidh go láidir sa todhchaí ach go gcaithfidh sé bheith ag forbairt an t-am ar fad. “Caithfear na bunchomórtais a choinneáil ach caithfear roinnt athruithe a dhéanamh a chuirfeas beocht agus spleodar ann. Muna bhfeabhsóidh tú rudaí, tosóidh rudaí ag dul i léig arís.” Tá glúin óg eile ag teacht aníos agus tá Maidhc P. Ó Conaola dóchasach go gcoinneoidh siadsan an teanga ag imeacht. “Ach is duine cineál dóchasach mé ar aon nós, mar a déarfá... ”

 

Is léiritheoir raidió agus teilifíse as an Spidéal i nGaeltacht Chonamara é Maidhc P. Ó Conaola. Aisteoir agus Oide Scoile, a chaith na blianta ag obair le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta is ea é. Bronnadh Gradam Jacobs air in 1973.

 

Do Thuairim


Security code
Athnuaigh