Balla dóiteáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Balla dóiteáin

Bogearraí cosanta a bhíonn ag eagraíochtaí a mbíonn a gcórais ríomhairí nasctha leis an Idirlíon. Cuireann an balla tine bac ar éinne ón taobh amuigh den eagraíocht cur isteach ar an gcóras nó é a mhilleadh. Bealach amháin a úsáidtear chuige seo is ea teachtaireachtaí amhrasacha a scagadh amach is a chaitheamh i leataobh. Bealach eile is ea cóip den chóras a oscailt don chuairteoir, agus ansin má dhéanann sé aon rud mailíseach, is féidir é sin a aithint go luath roimh aon dochar don fhíorchóras.