Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Scríob

do Ellie
Gearrscéal le Sylvia Bledow


Chruinnigh clapsholas an gheimhridh thart ar Carolyn agus í ag siúl lena mac Johannes i dtreo an gharáiste pháirceála. Níorbh fhada an bealach fríd an chathair – nach mbíodh sí ag gáire go minic faoi dhlúthghréasán bhóithre na gcathracha beaga sa Ghearmáin – ach bhraith sí an saothar crua le gach coiscéim spadánta coiligh inniu. Is amhlaidh a bheadh an tuirse seo ina síorchompánach feasta, nach ea?

Ní raibh ach seachtain ó fuair sí an fáthmheas cinniúnach – an fáthmheas a d’athródh a saol go deo deo. Níorbh fhéidir an locht a chur ar an fháthmheas, a dúirt sí léi féin – ach ba chóir di teacht ar a céill – ar an ghalar féin go huile is go hiomlán a bhí an locht: ‘Tá brón orm, a Bhean Mayer,’ arsa an dochtúir, ‘tá ailse ort, ailse an phaincréis, is é sin le rá, ailse an bhriseáin mhilis.’

Bhí a fhios aici anois ar a laghad cén fáth a mbíodh na pianta agus an tuirse mhallaithe seo dá cloí le fada. Inniu féin a mhínigh an dochtúir di plean le cur in aghaidh an namhad. Cóireáil fhada cheimiteiripe a bhí os a comhair. ‘Ní bheidh sé furasta,’ arsa an dochtúir, ‘ach níl an dara rogha againn. Agus trodaí atá ionatsa, nach ea?’

Bhí an ceart aige, gan amhras, mar ba dhoiligh an lámh in uachtar a fháil uirthi am ar bith. Níor dhuine ceansa í riamh. Aon uair a raibh dúshlán i ndán di chuaigh sí i ngleic leis. Fan go bhfeicimid cé againn is láidre!

‘Cad é atá ort, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh Johannes di. ‘An bhfuil pianta ort?’

‘Beidh sé ceart go leor. Ná bíodh buairt ort!’ arsa Carolyn.

Faoi dheireadh bhí siad taobh istigh de bhallaí gránna an gharáiste pháirceála. Thart faoi choirneál amháin eile agus bheidís ann. Ar tharraingt ar an charr dóibh, áfach, chonaic siad sa dorchacht beirt fhear in aice leis. Tháinig an fear ba shine a fhad leo.

‘An libhse an carr seo? Tá an-bhrón orainn. Rinne mo mhac scríob air agus é ag cúlú san áit pháirceála seo.’

D’amharc Carolyn go sollúnta ar an fhear óg a bhí ina sheasamh in aice leis an fhear eile agus é chomh geal san aghaidh leis an sneachta.

‘Chuir mé fios ar na póilíní. Cinnte, agus tháinig siad cheana féin,’ a lean an fear air. ‘Scríobh siad suas na mionsonraí go léir. Táimid ag fanacht libh le huair an chloig anuas.’ Baineadh stad as. ‘Ach má aontaíonn sibh, b’fhearr linn i bhfad an deisiú a dhéanamh i ngan fhios don chomhlacht árachais. Tá aithne agam ar mheicneoir an-mhaith. Bheadh sé ábalta é a dheisiú as an nua.’

Cén fáth a dtagann a leithéid de chiapadh mar bharr ar gach rud eile? Nach éagórach ar fad í an chinniúint? ‘Níl a fhios agam,’ arsa Carolyn. D’fhan sí ina tost ar feadh tamaill agus ansin: ‘Níl a fhios agam – caithfidh mé labhairt le m’fhear céile.’

Céard a dúirt mé? An baoth-leithscéal is measa i saol na mban nua-aimseartha – rud a chiallaíonn go bhfuil mé i dtuilleamaí m’fhir chéile i gcónaí! Mise! Carolyn! An tseafóid is áiféisí! An mise féin atá ag caint mar sin? Bean láidir an teaghlaigh! Iníon na seascaidí! Ach níl mé in ann rud eile a rá. Níl neart agam air. Teipeann an fuinneamh orm. Nach ait an mac an saol?

‘Tabharfaidh mé mo sheoladh agus m’uimhir ghutháin duit,’ arsa Carolyn.

‘Seo duit,’ arsa Johannes, agus thug nóta don fhear.

‘Agus seo dhaoibh mo chárta agus an t-uimhirchlár,’ arsa an fear. ‘An féidir liom labhairt libh amárach?’

‘Maith go leor,’ arsa Carolyn. D’amharc sí ar an stócach. Bhí sé ina sheasamh go fóill gan chor as, gan focal, agus stánadh folamh ina shúile, níos cosúla le dealbh ná neach saolta.

Bhraith sí borradh taise inti leis: ‘Beidh sé ceart go leor. Ná bíodh buairt ort!’ a dúirt sí leis go séimh. D’aithin sí go tobann macalla an ruda a dúirt sí lena mac cúpla bomaite roimhe sin.

Nach aisteach go leor é agus í ag cur daoine eile ar a suaimhneas?

D’imigh siad. B’fhaoiseamh mór di go raibh a mac féin ag tiomáint. Dhruid sí a súile agus thug sí iarracht a hintinn a líonadh le pictiúir shuaimhneacha agus iad ag tiomáint fríd an chathair i dtreo an tsráidbhaile ina raibh siad ina gcónaí.

——◊——

‘Bíodh do rogha agatsa, a stór,’ arsa Gerhard, fear céile Carolyn, i ndiaidh an scéal a chluinstin. ‘Cinnte, bheadh míbhuntáistí do na daoine sin dá socródh an comhlacht árachais an dochar. Cuireann na comhlachtaí árachais go mór leis na costais i gcónaí. Glacann a lán daoine leis an airgead ón árachas agus ansin cuireann siad an t-airgead ina bpócaí féin agus deisíonn siad féin an damáiste, nó ní dheisíonn siad é ar chor ar bith. Tá a fhios agatsa go maith, nach bhfuil?’

‘An measann tú fós go ndearna mé dearmad?’ arsa Carolyn. ‘An fhearg a bhí orm nuair a chuala mé faoin rud a rinne na comharsana dílse. Cinnte ghlac siad leis an airgead ón chomhlacht árachais ach chuir siad ina bpócaí féin é seachas an damáiste a chóiriú!

A leithéid de dhaoine! ‘Ja, grüß’ Sie Gott, Frau Mayer! Wie geht’s denn so?’ agus a guth lán d’aoir. ‘Ba dhaoine iad a bhíonn sásta an béal bán a thabhairt i gcónaí, agus breith ar fhaill le buntáiste a bhaint. Tá mo dhóthain agam de.’

‘Tuigim,’ arsa Gerhard. ‘Ach is leatsa an carr agus is leatsa do rogha ruda a dhéanamh faoi.’

‘Is cuma liom faoin scríob,’ arsa Carolyn. ‘Ní maith liom an cluiche árachais sin ach oiread. B’fhearr liom dearmad ar fad a dhéanamh air. Is mian liom codladh.’

‘Ná bac leis, a stór,’ arsa Gerhard. ‘Beidh mise á láimhseáil.’ Dreach cásmhar a bhí air, dreach cásmhar níos láidre go fóill ón am a fuair sé amach faoin fháthmheas.

D’aithnin Carolyn an t-athrú sin láithreach. Ach taobh thiar den dreach cásmhar d’aithin sí rud eile, rud ba bhrón léi: eagla a bhí air. An fear bocht! Agus díomá ina theannta: le fada bhí Gerhard ag tnúth leis an lá a n-éireodh sé as, agus leis an tsaoirse sin bheadh áiméar iontach turais a dhéanamh lena bhean. Bhí súil aige an chuairt sin chun pháirc náisiúnta na Spáinne, an turas a rinne siad san Fhómhair seo caite, a athdhéanamh; b’in a gcéad turas le chéile le fada an lá. Chomh dócha lena athrach bhraithfeadh gach cor a ndáin ar an diabhal tinnis.

——◊——

Thit Carolyn ina codladh go luath an tráthnóna sin. Dhúisigh sí i lár na hoíche, í ar bharr amháin creatha agus ar maos le hallas. Bhí Gerhard in aice léi agus eisean ina chodladh, codladh na soineantachta. Mhaolaigh na creatháin tar éis tamaill bhig ach ní bhfuair sí néal codlata. Bhí a hintinn suaite. Nuair a chuimhnigh sí ar an scríob, áfach, ní thiocfadh léi í a chur ar leataobh.

Buíochas le Dia, níor Ghearmánach fir é Gerhard a bhí doirte i ngrá leis na carranna. Níor chuir gnáthrudaí isteach go mór air. Fear caoin go smior a bhí ann.

Ba í Carolyn a las an teach lena fuinneamh, brí agus gáire ábhaillí. Bhí dearcadh cáinteach agus teanga ghéar aici. Labhraíodh sí beag beann ar bharúlacha cúng-aigeanta na ndaoine eile ach ní chuireadh sé sin isteach air – a mhalairt – chonacthas di go mbíodh sé bródúil aisti.

‘Is ise mo dhuais Mheiriceánach,’ a deireadh sé go ceanúil. An fear maith seo – ní raibh a fhios aige riamh gurb ise féin a bhí sa tóir air ón chéad nóiméad a leag sí súil air agus ise ina mac léinn eachtrannach sa Ghearmáin agus eisean ina mhac léinn sa Roinn Foraoiseachta.

Níor tugadh faill dó éalú uaithi riamh ach oiread! Ach bhí sé sásta go leor lena rogha mná, agus má shíl sé gur rug sé an báire, b’amhlaidh a b’fhearr é. Nach mór an gar nach bhfuil barúil ar bith ag an fhear ar fhíorsmaointe na mban, fiú iad a bhíos ag bean neamhbhalbh cosúil léi féin?’

Bhí a chion domhain ar an dúlra ar cheann de bhuanna Gerhard a mheall Carolyn nuair a bhuail siad le chéile. Tréith neamhchoitianta le linn na seascaidí, murab ionann is an lá inniu agus gach amadán ag caint faoina ghrá don dúlra!

Nárbh é a gcomhghrá don dúlra sin bun is barr na snaidhme seirce, in ainneoin easaontais, argóintí faoina mic, agus faraor nuair a mhaolaigh lasracha an chéad phaisin! Laethanta maithe a chaitheadh siad ag spaisteoireacht tríd na coillte. Bhí Gerhard ina shaineolaí mar fhoraoiseoir, ach níor dhuine saoithíneach é riamh. B’aoibhinn leis céad bhláthanna an earraigh. B’í an obair shultmhar sa ghairdín a phríomhchaitheamh aimsire.

Fiú anois i ndúluachair an gheimhridh agus an dúlra ina chodladh amuigh, bhíodh gairdín de mhagairlíní agus plandaí eile acu sa teach. D’fheighlíodh siad araon iad le cion agus le saineolas agus bhaineadh siad aoibhneas as an phearsantacht ar leith a bhíodh ag gach planda.

Agus na huaireanta ag marcaíocht in éineacht le chéile fríd na páirceanna agus na coillte! Bhí dhá chapall acu i stábla oscailte amuigh faoin tuath agus roinneadh siad an obair a bhí bainteach leo go sona. Nuair a d’éirigh ceann de na capaill tinn, dhein siad beirt cúram de. I gcodarsnacht le mórchuid na ndaoine a mbíodh capaill acu, níor bhaill den chumann marcaíochta iad riamh. Daoine ardnósacha ar fad a bhíonn iontu!

——◊——

Níor mhaith an rud é prognóis ailse an bhriseáin mhilis. Beagáinín níos fearr ná daoradh chun báis atá sé. Aicíd lúbach atá ann. Téaltaíonn sé isteach faoi choim agus beireann sé gairid ort. Faoin am go mbíonn a fhios agat go bhfuil tú tinn, tá seilbh ar do chorp glactha aige cheana féin. Chuimhnigh sí ar chomhrá le cara Meiriceánach breis is fiche bliain ó shin. ‘Ní mian liom fanacht anseo sa Ghearmáin go deo,’ ar sise léi. ‘Nach dtuigeann tú? Níor mhaith liom bheith curtha anseo, cad fút féin?’

Agus dá bhfaigheadh sí bás? Dá ngéillfeadh sí don tinneas mar a ghéilleadh cúig is ochtó faoin gcéad de na daoine a bhí buailte leis an tinneas sin?

Níor tháinig aon fhreagra ina hintinn. Sólás sa chreideamh ní bheadh le fáil aicise: ‘Is seafóid iad na creidimh go léir!’ dar léi. ‘Níl iontu ach córas bréagach gan náire! Agus is iad na trí mhórchreideamh aondiachúla na creidimh is measa. Tá dhá cheann acu paranóiach agus éadulangach ach i dtaca leis an tríú ceann, an Pobal Dé, pobal roghnaithe ag Dia féin thar chine ar bith eile! Nach méanar dóibh léan agus anró na gcianta?’

Ba ar son a fir chéile a chomhlíon sí deasghnátha na heaglaise, ach na fiacla fáiscthe le chéile le teann feirge go dtí an t-am a ndeachaigh na mic faoi lámha an easpaig. B’in sin. Buíochas le Dia, níor mhaith lena mic pósadh san eaglais. Agus nuair a thiocfaidh lá a báis – go dtaga sé ach gan eaglais agus gan eaglaiseach!

Ach nuair a rachaidh sí ar shlí na fírinne – cad é a bheas i ndán di?

An lobhfadh an corp de réir a a chéile agus gan iomrá uirthi feasta? ‘Óir is luaithreach thú agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.’ Ní raibh eagla uirthi roimh a mhacasamhail de dheireadh, ní raibh, cinnte, agus ní bheadh go deo deo.

Ach leis an fhírinne a rá, nach mbeadh rud beag eagla uirthi roimhe? Cén fáth a shíltear gur speiceas uathúil muid? Cén fáth a bhfuil eagla uirthi roimh fhilleadh chun an talaimh arís? Níl ann ach rud nádúrtha, nach ea? Roth mór an tsaoil. Leanfadh sí bealach a sinsir beagáinín níos luaithe ná mar a bhí de rún aici.

Tháinig pictiúr eile ina hintinn. B’é an t-adhlacadh, go díreach sa talamh, nós a baile dhúchais, nárbh é?

Bhí Detroit ina cathair láidir bhríomhar agus ise ag fás aníos. Buaiteoir domhanda a bhí inti lena cuid carranna, lena cuid ceol Motown! Ach le teacht an tsamhraidh 1967, chuir na daoine gorma an lasóg sa bharrach nuair a bhris círéibeacha amach le ragairne santach na bhfoghlaithe sráide. Díoltas na mbocht a bhí ann.

Creachadh agus léirscriosadh na siopaí, na tithe eachtrannacha, fiú a dtithe féin. Theith na toicithe as an áit go deo. Dúnadh na siopaí, na gnólachtaí, na hoifigí agus na scoileanna. Cé gur tháinig ceantair éagsúla slán, le meath thionscal na gcarranna chuaigh an chathair in olcas de réir a chéile. Rinneadh fásaigh as ceantair éagsúla ina n-iomláine. Fágadh maintithe gan áitritheoirí, eaglaisí gan phobal, amharclanna gan chuairteoirí, agus siopaí móra gan úinéirí ná custaiméirí. Folmhaíodh iad – níor fágadh rud ar a raibh luach. Ansin, claochlú, mhíntírigh an dúlra an talamh.

Tháinig na hainmhithe beaga agus, tar éis tamaill, na hainmhithe móra chomh maith. Tháinig scoilteanna sna ballaí agus sna hurláir. Thosaigh féar ag fás. Cad é an radharc is brónaí – tithe leagtha nó tithe tréigthe? Radhairc choscracha a bhí os a comhair an uair dheireanach a thug sí cuairt ar Detroit.

Bhí sí ag léamh le déanaí faoi fheachtas phobal Detroit le feirmeacha a chruthú sa chathair, rud a músclaíodh spéis ina fear céile ach a d’fhág í níos cráite ná riamh. An meath, an bás agus an athnuachan – meath, bás, athnuachan: bíonn timthriall an tsaoil ceart go leor mar smaoineamh teibí, ach nuair a dhruideann sé leat scanraítear tú as do chroí.

Brúigh sí na smaointe sin go cúl na hintinne agus rinne sí iarracht a cuid smaointe a dhíriú ar an turas sin chun na Spáinne. Coicís gan bhuairt a bhí ann agus lán le teagmhálacha taitneamhacha. Ba dhlúthchairde iad ar a suaimhneas ar feadh an turais.

Chuaigh sí síos bóithrín na smaointe go dtí an t-am a raibh sí ina bean óg sa Ghearmáin. Ar machnamh di ar chéad bhliain a seirce, thit sí ina codladh go suaimhneach.

Nuair a dhúisigh sí arís, áfach, níor phictiúr na lánúine sona a bhí os a comhair ach aghaidh bhán an fhir óig agus scanradh an domhain ina shúile. An créatúr! Ach níorbh fhéidir gurbh ise féin a bhí á scanrú, arbh é? De bharr scríbe bige? Céard a bhí ar siúl ann?

——◊——

Dhúisigh Carolyn ar maidin agus í chomh tuirseach agus a bhí sí nuair a chuaigh sí a chodladh an oíche roimhe sin. Ag am bricfeasta ar sise, ‘Bhí mé ag smaoineamh ar an scríob mhallaithe sin. Ba mhaith liom go ndeiseodh an fear sin é ar an dóigh a mhol sé. Daoine cneasta iad. D’fhéad siad an carr a fhágáil i ndiaidh an scríob a dhéanamh agus imeacht leo, agus ní beag an méid daoine a bheadh sásta sin a dhéanamh. Ní mian liom baint ar bith againn le comhlacht árachais.’

Arsa Gerhard, ‘Aontaím leat go huile is go hiomlán! Ach beidh mise á réiteach. Tóg go bog é!’

Thug bean mhic léi cuairt uirthi lena beirt iníonacha agus bhain siad na fadhbanna uilig dá hintinn. Chaith sí cúpla uair ag súgradh, ag comhrá agus ag gáire leo. Bhí an teach ciúin agus uaigneach ina ndiaidh.

Chuaigh sí ar a marana ar an ré sin, agus ar an mhíshásamh a bhíodh uirthi lena saol sa Ghearmáin – na blianta idir aoibhneas na mná nuaphósta doirte i ngrá agus suaimhneas intinne na mná aibí a mhothaigh sí le blianta anuas. Saol leamh a bhí ann. Fear leadránach, teach seasc leadránach fosta, bosca: saol gan bhrí a bhí ann, dar léi. Agus na daoine ina timpeall, sa gheimhreadh ach go háirithe, í i measc na bpúicearlach ar an tsráid, sna siopaí, fiú sna ranganna Béarla a thugadh sí. ‘Cad é mar a d’fhéadfainn croí a thabhairt dóibh?’ a d’fhiafraíodh sí dá fear: ‘Bíonn cuma lucht tórraimh orthu seachas rang Béarla!’ Chronaíodh sí greann agus spórt a tíre dúchais.

Bhí amhras uirthi san am sin i dtaca le saol a gclainne de. Cinnte, bhíodh a mbeirt mhac ceart go leor, ach an mbeadh an saol céanna neamhbhuartha a bhí aici i SAM acu féin sa Ghearmáin amach anseo?

Agus an teanga! Ar dhóigh éigin, theip uirthi Béarla a labhairt leo go seasta agus ba Ghearmáinis a dteanga, fiú canúint Ghearmáinise nár mhaith léi ar chor ar bith! Níor thóg sé i bhfad sular bhain sí féin líofacht na Gearmáinise amach, ach de réir a chéile tháinig cumha uirthi i ndiaidh a teanga dhúchais. Ba mhinic go gcailleadh sí foighne leis an Ghearmáinis agus leis na Gearmánaigh ar fad. Nuair a dúirt a cara Meiriceánach gurbh fhéidir gur bhain buntáistí leis an saol seo sa Ghearmáin chomh maith, d’fhreagair sí: ‘Cad iad na buntáistí sin? Inis dom ceann amháin! Bhuel?’

D’athraigh a gcuid barúlacha le himeacht ama. Ba é an saol féin a bhí ag dul i bhfeidhm orthu, agus ag fáil réidh leis an amhras a bhíodh uirthi. Agus Carolyn ag labhairt lena cara Meiriceánach cúpla seachtain ó shin, bhí siad ag gáire faoi chomh héagsúil agus a bhí a gcuid barúlacha anois le hais mar a bhí cúig bliana is fiche ó shin.

‘Tá mé sásta go leor gur tógadh mo chuid mac anseo,’ arsa Carolyn. ‘Bhí saoirse mhór acu. Bhíodh siad ábalta súgradh ar an tsráid nó sa choill ar feadh an lae agus gan eagla orm fúthu. An síleann tú gurbh fhéidir leo a leithéid sin a dhéanamh i Michigan? Chuirfí fios ar na póilíní dá dtabharfainn cead a gcinn do mo mhic féin! Bíonn na daoine sin uilig paranóiach nó craiceáilte anois! A oiread ama a chaithinn ag gearán faoi na scoileanna agus na gasúir ina ndaltaí sa Ghearmáin, caithfidh mé admháil anois nach raibh easnamh ar bith ag baint leis an oideachas a fuair siad anseo. Ach in Detroit… ach, tá a fhios agatsa. Bhí an córas oideachais ann ag titim as a chéile tríocha bliain ó shin, fiú. Tá an saol níos fearr anseo, leoga. Ní thuigim na daoine thall ansin níos mó. Cad chuige a bhfuil Meiriceá lán d’amadáin sa lá atá inniu ann? Dearcadh na Meánaoiseanna atá acu. Cuireann an Tea Party faitíos orm. Is mór an trua go bhfuil borradh ar a lucht leanta de shíor – gluaiseacht ar strae go huile is go hiomlán.’

——◊——

Tháinig Gerhard ar ais agus é chomh meidhreach le dreoilín teaspaigh: ‘Tá sé réidh cheana féin,’ ar seisean.

‘Cad atá réidh?’ a d’fhiafraigh Carolyn.

‘An carr, ar ndóigh!’ a deir Gerhard go bródúil: ‘Dúirt Klaus liom nach raibh ach cúpla brat péinte de dhíth air. Cheannaigh mé an dath ceart. Cuirfidh mé an dara brat ar an scríob amárach. Níor chosnaigh sé ach ochtó euro. Ar mhaith leat é a fheiceáil?’

Bhí sé chomh sásta le stócach agus é ag taispeáint ‘a charr nua’ dá leannán. D’amharc Carolyn air agus í ag déanamh gáire. ‘Tá sé go hálainn, a stór! Maith thú! Sin deireadh an scéil anois, buíochas le Dia! Anois tá orm scairt ghutháin a chur ar an fhear sin.’

Chuir sí scairt. ‘A Bhean Mayer,’ a dúirt an fear nuair a chuala sé a guth, ‘B’fhéidir linn an damáiste a dheisiú agus ní ghearrfar ach trí chéad euro air.’

‘Ní gá duitse rud ar bith a dhéanamh. Rinne m’fhear céile an deisiú cheana féin, agus níor chosnaigh sé ach ochtó euro.’

Baineadh stad as sular fhreagair sé: ‘Tá sibh fial fláithiúil. Ach ba mhaith liom trí chéad euro a íoc as. Ar mhiste leat dá dtagainn chugaibh anocht?’

‘Níor mhiste,’ arsa Carolyn, ‘Ach ní trí chéad euro atá uaim ach ochtó! Slán!’

——◊——

An oíche sin bualadh cnag ar an doras agus Carolyn agus Gerhard ina suí go te teolaí sa seomra suite: ‘Rachaidh mise,’ arsa Carolyn.

Bhí an fear i mbéal an dorais aici, miongháire cúthail air agus mála ina lámh.

‘Dia duit,’ ar seisean, ‘Tá brón mór orm gur chuir muid stró oraibh. Ba léir gur chuir sé isteach go géar ort. Seo duit trí chéad euro.’

‘Ní ghlacfaidh mé trí chéad euro uait!’ arsa Carolyn. ‘Dúirt mé leat go ndéanfadh ochtó euro an chúis!’

Leis sin bhí muc ar gach mala aige chuici: ‘Cogar, an féidir liom labhairt leat bomaite?’ a d’fhiafraigh sé.

‘Cinnte, tar isteach,’ arsa Carolyn, ‘Lig do scíste, le do thoil.’

Shuigh an fear síos. Chuir sé a mhála ar an bhord agus chuimil sé a aghaidh. Bhí cuma thuirseach air, an tuirse dhomhain cheanann chéanna a bhí ar Carolyn an t-am ar fad. Baineadh stad as sular chas sé i dtreo Carolyn.

‘Tá mé an-bhuíoch ó chroí díot. Ní féidir liom a chur in iúl duit chomh buíoch is atá mé. Bhí fíorsceimhle ar mo mhac inné. Bhí timpiste ghluaisteáin aige agus é ag tiomáint lena dheartháir anuraidh. Ar an drochuair, gortaíodh a dheartháir go dona, agus d’fhan sé i dtámhnéal go ceann dhá mhí. Nuair a tharla an scríob inné, tháinig droch-chuimhne na tréimhse sin ar ais chuige. Sílim go dtiocfaidh sé slán as i gceann tamaill. Mar sin, is faoiseamh an-mhór go bhfuil an rud seo socraithe.’

D’éirigh sé ina sheasamh go mall. ‘Glac an t-airgead seo, le do thoil,’ ar seisean. ‘Agus seo dhuit fosta.’ Thóg sé buidéal as an mhála agus thug sé do Carolyn é. ‘Is fíon Francach é. Tá súil agam gur maith libh é.

D’amharc Carolyn ar an bhuidéal. Fíon den chéad scoth a bhí ann. ‘Go raibh céad maith agat!’ ar sise.

‘Go ndéana Dia a mhaith dhuit,’ a d’fhreagair sé.

Chuaigh sí go dtí an doras leis. ‘Slán agus beannacht agaibh,’ a dúirt sé, agus rinne sé miongháire brónach léi sular imigh sé.

‘Slán leat,’ arsa Carolyn. Rith sé léi nach ndúirt an fear aon ní faoin gcríoch a bhí ar an támhnéal. Ar mhair sé? An raibh sé i dtámhnéal go fóill? Cárbh bhfios di, agus is dócha nach mbeadh a fhios aici go deo. Buíochas le Dia gur réitigh siad an cás de réir mar a mhol an fear.

‘Nach ndearna muid an rud ceart?’ a dúirt sí lena fear féin.

‘Rinne, go deimhin,’ d’fhreagair Gerhard agus thug sé croí isteach di. ‘Tá cuma an bhisigh ort. Cad é mar a bhraitheann tú féin anois, a stór mo chroí? An bhfuil tú i gceart?’

‘Tá mé i bhfad níos fearr,’ ar sise.

Agus bhí. Ualach trom a baineadh di. Ní raibh ach tuirse nádúrtha uirthi anois. Nuair a chuaigh sí a chodladh tháinig suaimhneas uirthi, codladh lán de bhrionglóidí áille. Chodail sí go séimh sámh go headra na maidine.

Feasta, Aibreán 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais