Cathair Ho Chi Minh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cathair Ho Chi Minh
Thành phố Hồ Chí Minh
Suíomh

10°45′ Thuaidh 106°40′ Thoir

Rialtas
Tír Flag of Vietnam.svg Vítneam
Ceantar Dong Nam Bo
Déimeagrafaic
Achar 2,095 km²
Daonra 6,424,519 (2006)
Dlús daonra 3,067/km²
Airde 19 m
hochiminhcity.gov.vn

Is í Cathair Ho Chi Minh (nó Saigon mar a thugtaí uirthi roimh an mbliain 1975) an chathair is mó in Vítneam. Ní príomhchathair anois í ach is í an áit ghnóthaí is beoga sa tír í. Tá timpeall 5,387,100 duine ina gcónaí ann agus limistéar 2,095 km² aici.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anuas go dtí an 17ú céad, nuair a bhain na Vítneamaigh den Chambóid í, ní raibh sa chathair ach sráidbhaile beag iascaireachta a dtugtaí Prey Nokor air i gCambóidis. Tar eis bhua na Vítneamach thosaigh an sráidbhaile ag dul i méid. Tar éis tamaill ba í an chathair ba thábhachtaí i ndeisceart Vítneam í agus tugadh Saigon uirthi. (Roimh theacht na Fraince sa 19ú haois thugtaí Gia Dinh嘉定 uirthi go hoifigiúil chomh maith.)

Cé gur ghabh Vítneam an réigiún úd in aice le habhainn Mekong fágadh a lán Cambódach ann, agus tá a sliocht le fáil i gCathair Ho Chi Minh agus sa cheantar máguaird i gcónaí: Khmer Krom.

Áras an Choiste Pobail i gCathair Ho Chi Minh

Sa bhliain 1957 rinneadh príomhchathair rialtas frith-Chumannach Vítneam Theas de Shaigon. Thosaigh an dara cogadh Inde-Síneach (cogadh cathartha), agus neart saighdiúirí Meiriceánacha sa chathair dá bharr chun cuidiú le rialtas an deiscirt. Ba dhian an comhrac a bhíodh ar siúl timpeall na cathrach. Nuair a rug fórsaí Vítneam Thuaidh an chraobh leo sa bhliain 1975 thug an rialtas nua Cumannach "Cathair Ho Chi Minh" ar "Shaigon" le hómós don cheannaire Cummanach Ho Chi Minh.