SiarDivideSeol go dtí caraDivideSeol chuig FacebookDivideSeol ríomhphost chugainnDividePriontáil

Traduttore, Traditore le Séamas Daltún

Léacht a thug Séamas Daltún, Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, do Thionól an Chomhchaidrimh i mBaile Átha Cliath, Eanáir, 1965.1

Is tréatúir é an t-aistritheoir. Seanrá san Iodáilis is ea é sin, agus níor mhór don té atá ag gabháil don aistriú agus don té a bhfuil aistriú ar scríbhinn á léamh aige cuimhne a choimeád air. Ní féidir téacs a aistriú gan feillbheart éigin a imirt ar an téacs bunaidh. D’fhéadfadh aistriú a bheith cruinn, ach ní féidir aistriú foirfe a dhéanamh. Dá fheabhas dá mbeadh an leagan aistrithe ó thaobh cruinnis agus stíle ní ionann ar fad an dóigh a rachaidh sé i bhfeidhm ar an léitheoir agus an dóigh a rachadh an scríbhinn bhunaidh i bhfeidhm ar an té a bheadh in ann í a léamh sa teanga inar scríobhadh í i dtosach báire. Ní féidir leis an aistritheoir ceol agus teilgean na cainte, ciall agus meabhair na bhfocal, sa teanga bhunaidh a thabhairt leis go hiomlán choíche.

Glacaimis, mar shampla, an abairt Fhraincise: As-tú vu le journal? Conas a chuirfeá Gaeilge air sin? ‘An bhfaca tú an páipéar nuachta?’ a déarfá, is dócha. Ach ní chuireann an Ghaeilge in iúl go bhfuil gaol nó dámh ar leith ag an té a chuireann an cheist leis an duine a bhfuil sé á cur air, rud a dhéantar sa Fhraincis trí tu a úsáid in ionad vous. Tá a mhacasamhail sin de ghnás i dteangacha Eorpacha eile, agus d’fhéadfadh sé bheith tábhachtach i gcásanna áirithe go gcuirfí an pointe sin i gcéill san aistriú. Chaithfí cor nó casadh éigin a chur ar an nGaeilge chun é sin a dhéanamh, is é sin le rá go gcaithfí cambheart éigin a dhéanamh ar an téacs.

Uaireanta caithfidh an t-aistritheoir nóta a chur leis an leagan aistrithe chun pointe éigin a mhíniú nárbh fhéidir leis a léiriú san aistriú féin. Má bhíonn imeartas focal sa bhuntéacs is annamh is féidir é a thabhairt chun soiléire sa teanga eile.

Is olc an seans go gcuirfeadh beirt aistritheoir shármhaithe an leagan ceannann céanna ar théacs. Go deimhin d’fhéadfadh difríocht mhór a bheith idir an dá leagan, bíodh go mbeadh gach leagan acu go maith ann féin ó thaobh céille agus cruinnis. Nuair a dhéantar athaistriú ar aistriú is é is dóichí go mbeidh an leagan athaistrithe imithe chun seachráin a bheag nó a mhór ón mbuntéacs. Daoine a bhain triail as sliocht a chur á thiontú ag aistritheoirí sároilte ó Bhéarla go Fraincis, ón bhFraincis go Gearmáinis, ón nGearmáinis go Spáinnis, ón Spáinnis go hIodáilis, ón Iodáilis go Rúisis, agus ón Rúisis ar ais go Béarla, fuair siad nach raibh fágtha sa leagan Béarla a cuireadh ar fáil tar éis an sliocht a dhul ó aistritheoir go haistritheoir ar an gcuma sin ach lomchreatlach an bhunsleachta agus go raibh ciall na ráite, go háirithe na cora cainte, athraithe go mór ina lán cásanna.

Shamhlaigh file Eabhraise an t-aistriú le bean mhuirneach a phógadh agus caille ar a haghaidh aici. Agus dúirt Francach: ‘Les traductions sont comme les femmes. Lorsqu’elles sont belles ne sont pas fidèles, et lorsqu’elles sont fidèles ne sont pas belles.’ (Is mar a chéile na haistriúcháin agus na mná. Má bhíonn siad sciamhach ní bhíonn siad dílis, agus má bhíonn siad dílis ní bhíonn siad sciamhach).

Tá an ráiteas seo curtha i mbéal Don Quijote i sárshaothar Cervantes: ‘Feictear dom gurb ionann an t-aistriú – taobh amuigh den aistriú ó na rítheangacha, an Ghréigis agus an Laidin – agus an taobh tuathail de thaipéis a thaispeáint. Cé go mbíonn na gréasa le feiceáil bíonn siad tuilte de shnáitheanna agus uime sin bíonn siad doiléir agus ní fhéachann siad chomh slim sleamhain is a fhéachann ar an taobh caoin den taipéis. Agus maidir leis an aistriú ó theangacha simplí ní léiríonn sé sin éirim aigne ná bua liteartha ach chomh beag is a dhéanfadh an chóipeáil as páipéar amháin ar pháipéar eile. Ach ní ionann sin is a rá go measaim nach bhfuil cleachtadh an aistriúcháin le moladh óir d’fhéadfadh duine bheith ag gabháil do ghnóthaí ba mheasa ná é agus ba lú tairbhe dó. Ní áirím sa chuntas sin na haistritheoirí cáiliúla…a fhágann amhras ort cé acu leagan an t-aistriú agus cé acu an scríbhinn bhunaidh.’

Ní maith samhail a théann i bhfad, agus ós rud é gurb é an t-aistriú ar shaothar liteartha is mó a bhí i gceist sna tagairtí sin, agus gur ar chúrsaí a bhaineann le haistriú scríbhinní oifigiúla is mian liom trácht is fearr dom luí isteach air sin. Ní miste a rá, áfach, go n-oireann an comórtas sin leis an bhfíodóireacht do gach cineál aistriúcháin. Caithfidh an t-aistritheoir an t-ábhar sa teanga bhunaidh a roiseadh agus ansin é a athfhí sa teanga eile.

San aistriú ar shaothar liteartha baineann tábhacht mhór le deilbh an ghréasáin nua. San aistriú ar scríbhinní oifigiúla is mó an tábhacht a bhaineann lena dhamhna. D’fhéadfadh dearmad nó athbhrí costas mór a tharraingt nó cúiseanna dlí a chur ar bun nó achrann idirnáisiúnta a mhúscailt.

Is é an príomhchúram atá ar Rannóg an Aistriúcháin leagan Gaeilge a chur ar fáil de na hAchtanna a ritheann an tOireachtas. Bíonn ar an Rannóg chomh maith ionstraimí reachtúla a dhéantar faoi Achtanna, comhaontuithe agus scríbhinní dlí eile a chur i nGaeilge, agus ina theannta sin fógraí, foirmeacha agus ábhar ilghnéitheach a bhaineann le cúrsaí riaracháin a chur ar fáil.

Bhí aistritheoirí Gaeilge ar fhoireann Dháil Éireann sular bunaíodh Saorstát Éireann. Ceapadh duine acu, Mícheál Ó Loingsigh ó Bhaile Bhuirne, ina Phríomh-Aistritheoir ar Rannóg an Aistriúcháin nuair a bunaíodh an oifig sin agus bhí sé sa phost sin go dtí go bhfuair sé bás i 1942. Tar éis don Pharlaimint Shealadach Bunreacht Shaorstát Éireann a rith i mí Dheireadh Fómhair, 1922, aontaíodh le rún, a thairg an tUachtarán, Liam Mac Cosgair, go nglacfadh an pharlaimint mar leagan oifigiúil Gaeilge air leis an aistriú a d’ullmhaigh coiste ar a raibh na daoine seo a leanas – an tOllamh Eoin Mac Néill, an tOllamh Osborn Ó hAimhirgín, an tOllamh Tomás Ó Raithile, Liam Ó Rinn, agus Cléireach na Dála (Colm Ó Murchú). Ó shin i leith tá leagan Gaeilge á chur ar fáil de gach Acht a ritheann an tOireachtas.2

Bhí ‘an Ghaoluinn Oigifiúil’ ina hábhar magaidh ag roinnt daoine ar dtús. Ní raibh taithí acu ar bhéarlagair an dlí a fheiceáil faoi chulaith Ghaeilge agus fuair siad blas róchanúnach ar an nGaeilge a bhí á húsáid. Ba dheacair don fhoireann a bhí ag gabháil don aistriúchán san am leagan maisiúil Gaeilge a chur ar chaint chrua na reachtaíochta. Ní raibh samplaí ar fáil acu a chuideodh leo. Ní raibh daoine ar fáil a raibh cleachtadh acu ar a leithéid. Ní raibh leabhair thagartha ann – níor foilsíodh foclóir mór an Duinnínigh go dtí 1927 agus níor cuireadh foclóir Mhic Cionaoith ar fáil go dtí 1935. Bhíodh orthu téarmaí a cheapadh faoi bharr dithnis de ghnáth. Nuair a chuirtear na constaicí sin, agus bacainní eile, san áireamh, caitear moladh mór a thabhairt dóibh de bharr a fheabhas a d’éirigh leo an Ghaeilge a chur in oiriúint don reachtaíocht agus do ghnóthaí oifigiúla. Leag siad an dúshraith do na daoine a tháinig ina ndiaidh, agus d’fhéach siadsan le breis feabhais a chur ar a saothar.

Ní annamh míthuiscint ar dhaoine faoi éifeacht an leagain Ghaeilge d’Acht. I mBunreacht na hÉireann (Airteagal 25) tá sé leagtha síos (a) gurb é téacs de Bhille a gcuirfidh an tUachtarán a lámh leis ná an téacs a ritheadh, nó a mheastar a ritheadh, ag dhá Theach an Oireachtais agus, má ritear Bille nó má mheastar é a bheith rite amhlaidh sa dá theanga oifigiúla, go gcuirfidh an tUachtarán a lámh le téacs Gaeilge agus le téacs Béarla an Bhille, (b) má chuireann sé a lámh le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, nach foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile, agus (c) i gcás an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla a bheith sínithe ag an Uachtarán agus gan an dá théacs sin a bheith de réir a chéile, gur ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas, agus (d) i gcás an Bhunreachta féin gur ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.

De ghnáth is i mBéarla a bhíonn na billí agus mar sin is é an téacs Béarla a shíníonn an tUachtarán nuair a bhíonn an bille rite ag an dá Theach. Dá bhrí sin is ag an mBéarla a bhíonn an forlámhas. Ritheadh an Bunreacht, agus Acht Phoblacht na hÉireann, 1948, sa dá theanga, agus tugadh an forlámhas don téacs Gaeilge.

Gach bille dá dtugtar isteach cuirtear a ghearrtheideal, agus a theideal fada, i nGaeilge ar Riar na hOibre (nó clár gnó na Dála nó an tSeanaid). Le cúpla bliain anuas cuireadh Sceideal isteach i nGaeilge agus i mBéarla sa téacs den bhille a tugadh isteach sa Dáil. Ar an gcuma sin tugadh comhúdarás don Ghaeilge chomh fada is a bhain leis an ábhar a bhí sa sceideal.

Na hionstraimí reachtúla (is é sin, na horduithe agus na rialacha) a dhéantar faoi Achtanna, cuirtear leagan Gaeilge orthu freisin, agus uaireanta is é an leagan Gaeilge a shíníonn Airí.

Ó am go ham déantar comhaontú le tíortha eile faoi chúrsaí áirithe agus i roinnt cásanna tugadh comhúdarás don téacs Gaeilge agus don téacs i dteanga na tíre eile.

Bhí deacracht ar leith ag baint le leathadh úsáid na Gaeilge i gcúrsaí dlí. Is sa Bhéarla amháin a bhí an dlí á achtú agus á chleachtadh leis na céadta bliain. Tugadh brí theicniúil le reacht agus le breithiúnas cúirte d’iliomad focal agus abairtí a úsáidtear sa dlí. An té a d’úsáidfeadh leagan Gaeilge ar dhlí-théarma teicniúil i scríbhinn dhlíthiúil ní fhéadfadh sé bheith cinnte go n-aontódh an chúirt gur thug an leagan Gaeilge brí an téarma bunaidh Béarla leis. Bhain an t-amhras sin go háirithe le saintéarmaí (words of art i mBéarla), is é sin focail a ngabhann brí chinnte leo, nach nglactar le hionsamhail dóibh ach go fíorannamh, agus nach mbíonn faoi puinn urlámhais ag an gcomhthéacs (e.g., burglary, felony, rape, real estate, remainder, seizin, separate covenant, true bill).

Dá dhúthrachtaí dá mbeadh dlíodóir ar thaobh na Gaeilge bhraithfeadh sé go raibh sé de dhualgas air a chomhairliú dá chliant go raibh contúirt ag baint le húsáid na Gaeilge i ngnóthaí áirithe dlí. Dá mbeadh duine sásta dul sa chontúirt sin chuirfí ar fáil le himeacht aimsire, de thoradh caingne dlí, foclóir de théarmaí teicniúla sa dlí a mbeadh séala na cúirte orthu, ach thógfadh sé i bhfad de bhlianta.

Chun an deacracht sin a shárú ritheadh an tAcht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge sa bhliain 1945. Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge agus socraíodh gur breithiúna, abhcóidí agus aturnaetha cleachtacha, agus oifigeach ó Rannóg an Aistriúcháin na comhaltaí a bheadh air. Is é an Príomh-Bhreitheamh, Cearbhall Ó Dálaigh, Cathaoirleach an Choiste le tamall de bhlianta anuas, agus gníomhaíonn an Príomh-Aistritheoir agus abhcóide cleachtach mar chomhrúnaithe.

Achtaíodh leis an reacht sin go bhféadfadh an tAire Dlí agus Cirt a dhearbhú, le hordú, gurb é is ionsamhail sa Ghaeilge d’aon téarma áirithe cibé focal nó focail a shonrófar in ordú téarmaí dlíthiúla, agus aon uair a úsáidfear an focal nó na focail sin in aon scríbhinn nó imeachtaí dlíthiúla go léireofar é mar fhocal nó focail atá ar chomhbhrí, agus go mbeidh sé nó siad ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht, leis an téarma bunaidh, mura léir a mhalairt d’intinn a bheith ann.

Achtaíodh freisin go bhféadfaidh an tAire socrú a dhéanamh ó am go ham chun foirmeacha agus fasaigh Ghaeilge de scríbhinní dlí a ullmhú agus a fhoilsiú.

Ó shin i leith tá deich gcinn d’orduithe téarmaí dlíthiúla curtha ar fáil ag an gCoiste. (Tiomsaíodh foclóirín Béarla–Gaeilge agus Gaeilge–Béarla as na horduithe sin – Téarmaí Dlí, Foilseacháin Rialtais, 7/6).3

Tá a lán foirmeacha a d’ullmhaigh an Coiste le fáil i Rialacha Cúirte a foilsíodh le tamall de bhlianta anuas. I láthair na huaire tá Rialacha na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí á gcur i nGaeilge ag an gCoiste.

De bharr an Achta sin tá tairbhe mhór déanta don Ghaeilge ó thaobh a úsáidte sa dlí, ach tá dualgais throma ar chomhaltaí an Choiste ina ngairmeacha dílse nach bhfágann uain acu chun freastal mar ba ghá, agus mar ba mhian leo, ar na cúraimí atá le comhlíonadh faoin Acht, agus is obair righin é na foirmeacha sin a ullmhú.

Bíonn ‘ceangal na gcúig gcaol’ ar an aistritheoir a bhíonn ag gabháil do scríbhinní dlí, go háirithe i gcás achtanna agus ionstraimí reachtúla. Caithfidh sé cloí go dlúth leis an leagan amach atá ar an mbuntéacs. Ní féidir leis abairtí fada a bhriseadh, agus ní mór dó gach idiraisnéis san abairt a chur san ionad is cuí di ó thaobh céille nó treise. Is minic nach mbíonn sé furasta an Ghaeilge a ionramháil ar dhóigh go n-éireoidh le duine dlúthaistriú cruinn a dhéanamh gan ró-éigean a imirt uirthi.


Tá fadhb na téarmaíochta ann, cé go bhfuil sin réitithe cuid mhaith. Baineann fadhb leis na focail atá ar chomhchiall, nó beagnach ar chomhchiall, agus a ndéantar idirdhealú áise, nó idirdhealú eile, eatarthu (e.g., burden, charge, incumberance). Is ar éigean atá siad sin chomh hiomadúil in aon teanga ar domhan agus atá siad sa Bhéarla. Ansin tá gnáthfhocail ann a bhfuil brí fhairsing leo agus a gcaitear focal a sholáthar dóibh toisc nach bhfuil a macasamhail ar fáil cheana féin sa Ghaeilge (e.g., dispose = díol, díothú, fágáil le huacht, malartú, caitheamh i leataobh, bronnadh, etc. – tarraingíodh an leagan diúscraím, diúscairt as an seanbhriathar do-foscart chun freastal dó).

Baineann deacracht le focail agus abairtí a dtugtar sainmhíniú orthu a choimeád sa riocht céanna tríd síos in acht nó in ionstraim. Is minic a chaitear dul siar agus an leagan Gaeilge a leasú go n-oibreodh sé i gceart ó thús go deireadh. Léireoidh an sampla seo as an mBille um Chosaint Taibheoirí, atá os comhair na Dála faoi láthair deacracht amháin a bhaineann le téarma sainmhínithe:–

‘performance’ means a performance by any actors, singers, dancers or other persons who act, sing, deliver, declaim, play in or otherwise perform literary, dramatic, musical or artistic works, and includes any such performance rendered or intended to be rendered audible or visible by mechanical or electrical means.

Tá lán béil ansin agus ní measa é ná a leithéid eile a chastar ar an aistritheoir oifigiúil. Níl focal sa Ghaeilge a bheadh fóinteach chun a úsáidte lena bhfuil i gceist le performance a chur in iúl. B’éigean dul i muinín na cumadóireachta agus beartaíodh ar an bhfocal taibhiú (as do-adbat, a thug taibhsiú agus taibhdhearc).

As an obair a fhaightear an fhoghlaim agus bíonn an dea-aistritheoir i gcónaí ag cur lena chumas chun na fadhbanna a chastar dó a réiteach. Bíonn sé ag faire roimhe i gcónaí ar fhaitíos go n-imeodh brí cheart abairte nó focail amú air, agus aithneoidh sé láithreach an focal nó an abairt a d’fhéadfadh fóidín mearbhaill a chur air (e.g., avoid = seachaint nó cur ar neamhní; essential oil = bláthola; reduction, i gcúrsaí ceimice = dí-ocsaídiú).

Tá tionchar údarás an Stáit ar shaol an phobail ag dul i méad le blianta anuas. Uime sin tá focail agus cainteanna a úsáidtear i gcúrsaí riaracháin á nglacadh chucu ag daoine agus ar an dóigh sin tá an leagan Gaeilge a chuirtear orthu i scríbhinní oifigiúla ag fáil leathantais. Faoi mar a rinne an t-aistriú ar shárscríbhinní na Gréigise agus na Laidine leas don Bhéarla agus do theangacha eile san Eoraip déanfaidh an t-aistriúchán oifigiúil cion fóntais don Ghaeilge. Tá sé ag cuidiú lena haclú agus lena saibhriú agus lena cur in oiriúint do ghnóthaí a bhí coimhthíoch aici.  

1. Is le caoinchead An tUltach a athfhoilsítear an t-alt seo, a céadfhoilsíodh ar an iris sin, Márta 1965.

2. Tá cuntas maith achomair ar stair na Rannóige le fáil ag http://www.oireachtas.ie/viewdoc.asp?fn=/documents/a-misc/Rannog2.htm.

3. Tá cóip leictreonach den leabhrán ar fáil ag:  www.acmhainn.ie/tearmai-dli/Tearmai%20Dli-English-Irish-English.pdf.