CIC Logo

Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe (Clúdach Crua)

By Cois Life, Máirtín Ó Murchú

Tagairt: 9781901176285  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

Saothar taighde a dhéanann athscrúdú iomlán ar Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, an t-eagras a leag bunchloch na hAthbheochana i measc an phobail agus sa státchóras go háirithe. Is beag dream eile i stair na Gaeilge ar scaipeadh an oiread sin míthuiscintí mar gheall orthu, ach déanann an tOllamh Ó Murchú mionscrúdú anseo ar bhunfhoinsí nár ceadaíodh roimhe seo. Tagann sé ar thuiscint an-chaolchúiseach de bharr na hanailíse fuarchúisí. Oireann an t-imleabhar seo don sraith Lúb ar Phár sa mhéid is go gceartaíonn sé dearcadh a bhí an-fhorleathan ach a bhí bunoscionn leis na fíricí.

Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, is ea Máirtín Ó Murchú. Iar-Stiúrthóir na Scoile agus iar-Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide is ea é chomh maith.

Praghas: €25.00