COVID -19

Tá an-áthas orainn fáilte a chur romhat go dtí Caisleán Chill Chainnigh arís. Tá na bearta riachtanacha curtha i bhfeidhm againn lena chinntiú go mbeidh daoine chomh sábháilte agus is féidir le linn a gcuairte agus go mbainfidh siad an leas is mó is féidir as a gcuairt.

Beidh saorchead isteach chuig gach láithreán oidhreachta de chuid an OPW ina n-íoctar táillí de ahnáth, idir an 14 Bealtaine go deireadh na bliana 2021.

Caithfear ticéid a chur in áirithe roimh ré ar líne sula dtugann tú cuairt.
Níl aon ‘ticéid siúil isteach’ ar fáil.
Ná tar i láthair gan do thicéid a bheith curtha in áirithe agat roimh ré mar gheall nach dtabharfar cead isteach duit.
Is féidir áirithint a dhéanamh roimh ré ar líne idir 1 uair an chloig agus a fhad le 7 lá sula dtugann tú cuairt.

Fáilte go dtí Caisleán agus Fearann Páirce Chill Chainnigh

Is beag foirgneamh in Éirinn a bhfuil stair chomh fada lonnaíochta ag baint leis le Caisleán Chill Chainnigh. Tógadh an Caisleán go luath tar éis choncas na Normannach ar Éirinn agus san 800 bliain ó shin rinneadh é a atógáil, a athchóiriú agus a shíneadh de réir mar a d’athraigh cúinsí an lae.

Tá Caisleán Chill Chainnigh oscailte do chuairteoirí ó cheann ceann na bliana sa lá atá inniu ann. Athchóiriú Victeoiriach a rinneadh ar an mbunchaisleán cosanta ón tríú haois déag atá ann den chuid is mó. Tagann na céadta mílte cuairteoirí gach bliain chun an teach mór galánta seo a fheiceáil agus chun siúl i measc na gcrann lánfhásta agus an fhiadhúlra fhairsing san fhearann méith de chaoga acra ina thimpeall. Mar bharr ar an áilleacht, cuireadh rósghairdín foirmeálta léibheannaithe leis an bhfearann sa naoú haois déag, chomh maith le coillearnach agus loch saorga. Tá seomraí tae, clós spraoi agus roinnt bealaí treodóireachta ann ar mhaithe leis an gcuairteoir freisin.

Tabhair do d’aire nach bhfuil saorchead isteach i bhfeidhm i gCaisleán Chill Chainnigh ar an chéad Céadaoin gach mí.

Tá liosta suíomhanna a bhfuil páirteach ar fáil ag www.heritageireland.ie