Comhairliúchán poiblí – Straitéis nua Náisiúnta Drugaí

Launch of National Drugs Strategy Consultation

Seolann an tAire Catherine Byrne TD agus Philly McMahon an Comhairliúchán ar an Straitéis nua Náisiúnta Drugaí

Comhairliúchán poiblí ar siúl chun bonn eolais a chur faoin Straitéis nua Náisiúnta Drugaí

Tá an comhairliúchán seo dúnta anois.

Tá Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Pobail agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, tar éis sonraí a fhógairt faoin gcomhairliúchán poiblí ar an Straitéis nua Náisiúnta Drugaí

Is sa Straitéis nua a leagfar amach an beartas a leanfaidh an Rialtas chun dul i ngleic leis an bhfadhb drugaí ón mbliain 2017 ar aghaidh.

Dúirt an tAire Byrne: “Tá sé riachtanach leagan nua den Straitéis Náisiúnta Drugaí a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh freagairt atá éifeachtach agus cothrom le dáta againn don fhadhb drugaí atá roimh an tsochaí.  Tá sé mar aidhm againn áit níos fearr ó thaobh cosc drugaí de a dhéanamh d’Éirinn, áit a mbeidh daoine in ann cinntí eolacha a dhéanamh agus a soláthrófar na seirbhísí cearta agus an tacaíocht cheart do dhaoine a bhfuil an gá is mó acu leo.  Tá seans ag daoine anois a gcuid tuairimí a chur in iúl agus bonn eolais a chur faoi bheartas an Rialtais ar an tsaincheist thábhacht seo”.

Beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl ar feadh tréimhse sé seachtaine, ón Máirt an 6 Meán Fómhair go dtí 5 p.m. Dé Máirt an 18 Deireadh Fómhair 2016.

Le linn an chomhairliúcháin, ba mhaith leis an Roinn tuairimí an phobail agus na ngeallsealbhóirí uile a fháil faoin staid drugaí in Éirinn chun bonn eolais a chur faoin Straitéis nua.

Nuair a bheidh an comhairliúchán poiblí thart, cuirfear na tuairimí a fuarthas le chéile i dtuarascáil. Soláthrófar an tuarascáil sin do Choiste Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta Drugaí chun cabhrú le forbairt na Straitéise nua.

Is é an aidhm atá leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí ná dul i ngleic leis an dochar a dhéanann mí-úsáid drugaí do dhaoine aonair agus don tsochaí.
Is é atá i gceist le mí-úsáid drugaí ná úsáid a bhaint as aon druga – bíodh sé ina dhruga dleathach nó ina dhruga neamhdhleathach – a dhéanann dochar fisiciúil nó meabhrach, nó a d’fhéadfadh dochar fisiciúil nó meabhrach a dhéanamh, do ghné éigin de shaol duine aonair nó d’fholláine shóisialta duine aonair, do dhaoine aonair eile nó don tsochaí i gcoitinne.

Tagann na substaintí seo a leanas faoin bhfocal “druga” anseo.

  • Drugaí aindleathacha (nó drugaí neamhdhleathacha) – mar shampla, cannabas, eacstais, amfataimíní, cócaon, substaintí sícighníomhacha nua, beacáin draíochta, LSD agus hearóin.
  • Cógais ar oideas – cógais dhlisteanacha (nó cógais dhleathacha) a n-ordaíonn dochtúir, fiaclóir nó altra iad de ghnáth agus a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu, e.g. cógais a ordaítear chun pian a fhaoiseamh, chun cabhrú le duine codladh, nó chun imní nó dúlagar a mhaolú. Áirítear leis seo úsáid dhochrach a bhaint as cógais ar oideas tríd an dáileog ordaithe mholta a shárú nó trí iad a úsáid ar feadh tréimhse níos faide ná mar atá molta, nó úsáid a bhaint as cógais nach bhfuil ordaithe duit.
  • Oidis Thar an gCuntar – cógais dhlisteanacha (nó cógais dhleathacha) nach mbíonn oideas ag teastáil de ghnáth chun iad a cheannach. Áirítear leis seo úsáid dhochrach a bhaint as cógais den sórt sin tríd an dáileog mholta a shárú nó trí iad a úsáid ar feadh tréimhse níos faide ná mar atá molta, e.g. pianmhúcháin ina bhfuil cóidín.
  • Tuaslagóirí – mar shampla, aerasóil, gliúnna agus táirgí athlíonadh lastóra gáis.
  • Alcól – mar shampla, beoir, leann úll, biotáillí, fíon agus mianraí meisciúla.

Chun cabhrú leat smaoineamh faoi na saincheisteanna a mheasann tú a bheith tábhachtach don Straitéis nua, úsáidtear sa cheistneoir seo colúin na Straitéise Náisiúnta Drugaí don tréimhse 2009-2016: Laghdú Soláthair, Cosc, Cóireáil, Athshlánúchán agus Taighde.
Is féidir leat do thuairimí a chur ar fáil ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:

Comhlánaigh an ceistneoir ar líne ag https://www.surveymonkey.com/r/NationalDrugsStrategy nó comhlánaigh agus seol é chuig an seoladh bosca PO atá tugtha thíos

Seol ríomhphost chugainn: yourviews@drugsstrategy.ie

Scríobh chugainn: An Straitéis Náisiúnta Drugaí, Bosca PO 12778, Gleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha Cliath

Íoslódáil an ceistneoir i gceann ar bith de na teangacha seo a leanas:

Cuirfear sraith cruinnithe comhairliúcháin phoiblí ar an Straitéis nua ar siúl i gCora Droma Rúisc, i Luimneach, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Chun a chur in iúl gur spéis leat freastal ar na himeachtaí sin, seol ríomhphost chuig yourviews@drugsstrategy.ie.

Tuilleadh faisnéise
Má bhíonn aon deacracht agat an ceistneoir ar líne a chomhlánú nó dá mba mhaith leat cóip phriontáilte den cheistneoir a iarraidh, déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as na sonraí thuas.

An Mear-Athbhreithniú Saineolach ar an Straitéis Náisiúnta Drugaí 2009-2016